Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

All Seachtain episodes

  • Tar éis an X-odus: Cá bhfuil na Gaeil ar líne anois?

    Bhí ré órga ag an Ghaeilge ar líne ar feadh tamaill, go háirithe ar Twitter - go dtí gur cheannaigh Elon Musk an t-ardán i 2022. Ina dhiaidh sin, tharla an ‘X-odus’, d’fhág roinnt comhlachtaí móra agus roinnt daoine aitheanta slán le ‘X’, agus bhí líon suntasach Gaeilgeoirí ina measc. Mar sin, cá háit ina bhfuil na Gaeil ag bailiú ar líne anois?  Agus an bhfuil spás ar bith ann ar líne d’ardán sóisialta atá go hiomlán i nGaeilge? 


    Láithreoir: Áine Ní Bhreisleáin, Aíonna: Osgur Ó Ciardha, Storm Eaton-Kilgallen, Caoimhe Ní Chathail 


    Foclóir: 


    Tionchairí: Influencers 


    Ionadaíocht: Representation 


    Folláin: Healthy 


    Idirdhealú: Differentiation 


    Leas a bhaint as: To make good use of 


    Gairmiúl: Professional 


    Borradh: Boom or growth 


    I mbolgán: In a bubble 


    Meall: Attract 


    Imeallú: Marginalisation 


    Fuinneamh: Energy 


    Fotheidil: Subtitles 


    Cos ar bolg: Repress 


    Feiceálach: Visible 


    Tearman: Sanctuary 


    Figh: Weave 


    Éascú: Facilitate 


     


     


     


     

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • DJ Carey: Ó ghlóir Pháirc an Chrócaigh go gruaim Mountjoy Prison

    Bhí clú agus cáil ar DJ Carey mar dhuine de na himreoirí iománaíochta is fearr a chonaic an tír seo riamh. 


    Le linn na 90óidí agus ag tús na mílaoise, ba laoch é, ní amhain i gCill Chainnigh, ach i measc chosmhuintir na tíre ar fad. 


    Bhí saol an mhadra bháin aige féin agus a pháirtí Sarah Newman le linn ré an Tíogair Ceiltigh, bhí tithe acu in áiteanna ar leith sa tír, agus ba mhinic iad ag dul ar saoire thar lear. 


    Mar sin de, cá huair a chuaigh rudaí ar strae do DJ? 


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Eimear Ní Bhraonáin 


     


    Foclóir: 


    Feall: Betray 


    Dallamullóg: Decieve  


    I sáinn: In a fix or jam 


    Faoi amhras: Under suspicion 


    Mílaoise: Millenium  


    Flaithiúil: Generous 


    Cothromaíocht: Balance 


    Craobh na hÉireann: All Ireland Championship 


    Lánúin: Couple 


    Iasacht: Borrow or lend 


    Scaradh: Breakup 


    Ailse: cancer 


    Cóir leighis: Medical treatment 


    Tuiscint: Understanding 


    Macánta: Honest 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Cúig chéim i dtreo do Ghaeltacht féin a thógáil
    Cén chuma a bheadh ar "Ghaeltacht nua" na linne seo, agus cén dóigh a dtosaíodh duine ag tógáil a leithéid? Tá Jake MacSiacais agus Róisín Nic Liam ina gcuid de ‘Lios Loch Lao’, grúpa atá ag forbairt tithe agus árasán do Ghaeilgeoirí i mBéal Feirste agus tá Caoimhín Ó Cadhla ina bhall de ‘Lonnaíochtaí Gaeilge Teo’ atá ag iarraidh tearmann do chainteoirí Gaeilge a thógáil san ardchathair. Ar Seachtain, téann Áine Ní Bhreisleáin i mbun cainte leis an dá ghrúpa atá ag iarraidh an ollfhís seo a chur i gcrích.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Nuacht Gaeilge ar an BBC in Albain – ach cá bhfuil nuacht Gaeilge an BBC sa Tuaisceart?

    De réir an daonáirimh is déanaí, tá eolas éigin ag 130,000 duine ar an nGaeilge in Albain ach i dTuaisceart na hÉireann, tá fios éigin ag beagnach 100,000 duine sa bhreis ar sin ar an teanga - 228,617.  Tá i bhfad níos mó Gaeilge ar an BBC in Albain ná mar atá ná mar atá ó thuaidh áfach. Tá idirdhealú soiléir ann, mar sin féin, agus is beag gearán a dhéanann Gaeilgeoirí faoin cheist – cad chuige sin??? 


    Foclóir:

    Laigí: Weaknesses 


    Dall: Blind 


    Líne eagarthóireachta: Editorial line 


    Ábhartha: Relevant 


    Aontachtaithe: Unionists 


    Slat tomhais: Measuring stick 


    Sciar: Proportion 


    Fáinne fí: Vicious circle 


    Idirdhealú: Distinction 


    Maígh: Imply 


    Múnla: Model 


    Forlíonadh: Supplement 


    Naimhdeas: Animosity 


    Áiseanna: Resources 


    Ionchur: Input 


    Claonadh: Inclination or bias 


    Cur i bhfriotal: Put into words 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Aighneas an Uachtaráin: Feachtas ag teacht chun deiridh

    Faoi dheireadh thiar thall, tá an feachtas toghchánaíochta beagnach críochnaithe agus bhí deireadh teasaí leis go deimhin. Caithfear na vótaí Dé hAoine agus roghnófar Uachtarán na hÉireann nua le teacht i gcomharbacht ar Michael D. Higgins.  Amharcann John Downing, comhfhreagraí polaitíochta leis an Irish Independent, ar na straitéisí a bhí ag na hiarrthóirí agus ar na taicticí a d’oibrigh agus nár oibrigh.

    ­

    Foclóir:

    • Mianta: Wishes
    • Pobalbhreith: Poll
    • Farasbarr: Advantage/Surplus
    • Líomhaintí: Allegations
    • Níos seirbhe: More bitter
    • Goilliúnach: Cutting
    • Cáineadh: Criticise
    • Leas: Benefit
    • Báúil: Sympathetic
    • Feachtas: Campaign
    • Vótaí millte: Spoiled votes
    • Baol: Threat/Danger
    • Is cuma sa tsioc: To not give a damn
    • Easnamh: Inadequacy
    • Abhchóide: Barrister
    • Círéibí: Riots
    • I gcoitinne: In general

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Island life: Na héilimh, na deacrachtaí agus na buntáistí a bhaineann le saol iargúlta

    Roimh dheireadh na míosa seo, beidh oileáin bheaga na hÉireann ag caitheamh vóta i dtoghchán na hUachtaránachta ar an lá céanna leis an mórthír.

    ­

    Tá 29 oileán ann ina bhfuil cónaí iontu agus tá suntas ar leith a bhaineann leo ó thaobh an chultúir de agus na teanga de.

    ­

    Ach cad é mar atá sé le bheith i do chónaí ar oileán, ar charraig atá fada amuigh ar an bhfarraige, scartha ón mhórthír?

    ­

    Láithreoir: Ciarán Dunbar, Aoi: Áine Ní Bhreisleáin

    ­

    Tá an podchraoladh seo maoinithe ag Ciste an Daonlathais Áitiúil.

    ­

    Foclóir:

    ­

    Tréigeadh: Abandoned

    ­

    Bánaigh: To devastate or to abandon

    ­

    In éag: Die out

    ­

    Buan:Permanent

    ­

    Sceirdiúil: Windswept or bleak

    ­

    Creagach: Rocky

    ­

    Go tréan: Strongly

    ­

    Ceann tuí: Thatched roof

    ­

    An mhórthír/an tír mhór: The mainland

    ­

    Fiáin: Wild/untamed

    ­

    Tearmann: Sanctuary

    ­

    Faire ar éin: Birdwatching

    ­

    Bradán: Salmon

    ­

    Portán: Crab

    ­

    Móin: Turf

    ­

    Breosla: Fuel

    ­

    Céibheanna: Quays

    ­

    Glórach: Loud

    ­

    Bád farantóireachta: Ferry

    ­

    Traonach: Corncrake

    ­

    An teach fágtha le huacht: The house bequeathed in a will

    ­

    Uathúil: Unique

    ­

    Aighneas: Disagreement

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Bíonn siúlach scéalach: The life of a travelling storyteller | Aindrias de Staic

    Tá baint nach beag Éireann agus le hÉireannaigh leis an scéalaíocht agus leis an tsamhlaíocht, agus tá clú agus cáil uirthi dá bharr. Ach leis an saol nua-aimseartha mar a bhíonn anois, is minic nach dtugtar an meas ceart don tseanchas, ná don tobar saibhir a chuireann sí ar fáil dúinn. Ach deirtear go bhfuil borradh ag teacht ar an nós ársa scéalaíochta seo agus go bhfuil sé faoi bhláth arís. Ar dhuine de na scéalaithe nua-aimseartha seo tá Aindrias de Staic.  Ar Seachtain, tógann Aindrais siar ar bhóithrín na smaointe muid, labhraíonn sé faoina óige, a chuid fadhbanna leis an ól, agus faoin síocháin atá aimsithe aige anois tar éis an saol a bhí aige a fhágáil ina dhiaidh. 




    Foclóir: 


    Foilsitheoir: Publisher 


    Ádh: Luck 


    Meabhair: Mind 


    Damháin alla: Spiders 


    Lámh in uachtar: Dominate 


    Éirigh as: Quit 


    Seachaint: Avoid 


    Fonn: Melody 


    Cíos: Rent 


    Dátheangach: Bilingual 


    Aithris: Recitation 


    Taifeadtaí: Recordings 


    Scéalaíocht: Storytelling 


    Saothar: Work or writings 


    Léacht: Lecture 


    Clairseach: Harp 


    Seanchas: Folklore 


    Tá Aindrais ag tabhairt faoi chamchuairt lena seó ‘By the light of the slivery moon’. Tá sonraí ar fáil ar an suíomh https://aindrias.com/

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • Gael ar leith: Slán le Manchán Magan
    Bhailigh na sluaite inniu i gColáiste Gonzaga i mBleá Cliath inniu le slán a fhágáil agus omós a thabhairt do Mhanchán Magan. Ní raibh ach 55 bliain d’aois slánaithe aige nuair a d’imigh sé ar shlí na fírinne an Déardaoin seo caite. Bhí ailse air le tamall. Bhain Manchán cáil amach mar gheall ar a chuid oibre mar scríbhneoir, láithreoir agus mar dhuine a spreag glúin nua i dtreo na Gaeilge de. Ar Seachtain, labhair Tessa Fleming le hÁine Ní Bhreisleáin, iriseoir le Seachtain, faoin lorg atá fágtha aige.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Gunnaí, Grá, agus Géarchéim: The kidnapping of Tiede Herrema

    50 bliain ó shin, chuaigh beirt bhall den IRA Sealadach i mbun ghnímh a chuir cor nua i stair na hÉireann. 

    Bhí leannáin Eddie Gallagher agus Marion Coyle ar aon sa phríosún.  Mar sin, bheartaigh an bheirt acu iad a scaoileadh saor ar bhealach éigin.   

    Ach, d’imigh an eachtra a bheartaigh siad go hiomlán as smacht. 

    Ar Seachtain, cuimhníonn an Dr. Mícheál Ó hAodha, leachtóir in Ollscoil Luimnigh, siar ar fhuadach Tiede Herrema, eachtra a tharraing aird an domhain ar Éireann. 

     

    Foclóir: 

    Fuadaigh: Kidnap 

    Léigear: Siege 

    Géill: Yield 

    Níos críonna: More shrewd 

    Tionscol: Industry 

    Gabh: Capture 

    Ar éigean: Scarcely  

    Áibhéil a dhéanamh: To exaggerate 

    Bá: Affinity 

    Báúil: Friendly 

    Ar teitheadh: Fleeing 

    Páirtí: Partner 

    Neamhghnách: Unusual  

    Oilte: Proficient or trained 

    Ficheall: Chess – fi - hill 

    Aigne: Mind 

    Níos boige: Softer 

    Diúl: Suck - dule 

    Eisceachtúil: Exceptional 

    Leannáin: Lovers 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    25 min
  • Oideachas trí Ghaeilge: The road to being líofa

    Cé comh deacair is atá sé tabhairt faoin oideachas trí Ghaeilge – go háirithe mura bhfuil mórán den teanga agat sa chéad dul síos. 


    I gclár faisnéise nua a chraolfar ar TG4 oíche Dé Luain, buaileann an tionchaire ar líne, Kayleigh Trappe, le daoine fud fad na hÉireann a rinne díreach sin agus iad ag freastal ar na Boird Oideachais agus Oiliúna, nó mar is fearr aithne orthu, na ETBanna. 


    Thapaigh Tessa Fleming an deis labhairt le Jean Gilger atá ag obair leis na ETBanna faoi na scéalta pearsanta taobh thiar den chlár. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    17 min