
Sign up to save your podcasts
Or


Is fada an lá ó bhí ‘Gaeltacht Bhaile Átha Cliath’ ann. Mar sin de, is tearc ár gcuid eolas ar an gcineál Gaeilge a bhíodh á labhairt go traidisiúnta gan briseadh ann. Conas a bhí sí mar Ghaeilge? Cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath agus cá huair a bhíodh sí á labhairt? Labhair Ciarán Dunbar le Colm Ó Broin taighdeoir neamhspleách as Baile Átha Cliath.
Canúint – dialect
Oidhreacht – heritage, tradition
Taighde – research
Nasc – connection
Eachtra – happening
Aisteach – strange
Spochadh as – mocking
Rud a thug le fios – something which evidenced
Rud a léiríonn – something which reveals
I bhfolach – hidden
Déarfainn – I would say
Scrúdú – investigation
Ar an drochuair – unfortunately
D’fhoilsigh sé – he published
i dtuilleamaí – depending on
Ceannródaí – pioneer
Fianaise – evidence
Lámhscríbhinní – manuscripts
Logainmneacha – placenames
Tréithe – chararcteristics
Foclaí (focail) – words
Blas – accent
Neamspleách – independent
Go foghrúil – phonetically
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá athmhachnamh le déanamh ar mhúnla na gcoláistí samhraidh chun todhchaí na hearnála a dheimhniú. Le titim shuntasach ar líon na leapacha atá ar fáil do scoláirí, ganntanas mná agus fir tí agus na céadta daltaí fágtha ar liostaí feithimh, tá gníomh radacach de dhíth le dul i ngleic leis na dúshláin mhóra seo. Ach, cad é an dóigh is fearr leis na coláistí luachmhara seo a chaomhnú? Agus cad é a tharla le blianta beaga anuas leis an earnáil a chur i mbaol sa chéad dul síos?
*Suirbhé le haghaidh deis dearbhán 500 euro One4All a bhuachaint: Téigh chuig mypodcastfeedback.com agus cur an cód ‘POD’ isteach.*
Foclóir:
Iargúlta: Remote
Geilleagar: Economy
Séasúrach: Seasonal
Fostaíocht: Employment
Nós: Ritual or habit
Os cionn: Over
Tumoideachas: Immersive education
Neamhspleáchas: Independence
Uasmhéid: Maximum
Dosaen: Dozen
Earnáil: Sector
Clochar: Convent
Scoil chónaithe: Boarding school
Mealladh: Entice
Todhchaí: Future
Greanta: Engraved
Féidearthachtaí: Possibilities
I bhfách: In favour of
This podcast was funded by the local democracy fund.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
I rith samhradh na bliana 1985, bhí Éire corraithe leis an bparanormáltacht. Thosaigh dealbha diaganta den Mhaighdean Mhuire ar fud na tíre ag bogadh. Ach cad é a ghríosaigh na heachtraí seo? Cén fáth go raibh an Eaglais míchompordach leis an méid a bhí ag tarlú? Agus an míorúilt a bhí ann i ndáiríre, nó mass hysteria? Ar Seachtain, amharcann Doireann Ní Bhriain siar ar an bhliain inár thosaigh na dealbha ag bogadh.
Foclóir:
Ag urnaí: Praying
Deabhóid: Devotion
Foláireamh: Warning
Diaga: Sacred
Cráifeach: Religious
Is iomráití: Most well-known
Ar bhinn an tséipéil: On the gable on the church
Iniúchadh: Inspection
Iontaofa: Trustworthy
Tairbhe a bhaint as: To benefit from
Oilithreacht: Pilgrimage
Míshocair: Unstable
Frithghiniúint: Contraception
An Mhaighdean Mhuire: Our Lady
Clapsholas: Twilight
Ag stánadh: Staring
Samhlú: Visualisation
Easpag: Bishop
Díspeag: Belittle
Maslach: Degrading
Tua: Axe
Lámhscríbhinní: Manuscripts
Míorúilt: Miracle
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá lá de na laethanta is tábhachtaí san fhéilire ag teannadh linn, All-Ireland Final Day. Tá dhá chraobh bainte amach ag Dún na nGall cheana ach is iad Ciarraí an foireann is rathúla i stair peile na tíre seo agus iad sa tóir ar chraobh uimhir 39 i mbliana. Le stair shaibhir peile fhoireann Jack O’Connor agus draíocht fhoireann Jim McGuinness, amharcann Tadhg Evans, eagraí spóirt leis The Wicklow People, siar ar bhlianta órga na bhfathach peile seo.
Foclóir:
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba smaointeoir, scríbhneoir aistí agus fealsamh radacach é Desmond Fennell.
Chuaigh a chuid tuairimí i gcoinne an ‘status quo’ go minic agus ní raibh eagla ar Fennell riamh snámh in aghaidh easa.
Chruthaigh sé meas agus conspóid araon - cibé áit a ndeachaigh sé.
Ach, ar chreid sé féin sna smaointe radacacha a bhí aige?
Ar Seachtain, labhraíonn Toner Quinn, eagarthóir an leabhar ‘The Radical Thinking of Desmond Fennell’, faoin na barúlacha neamhghnácha chuir an tír ag smaoineamh.
Foclóir:
Snámh in aghaidh easa: Swim against the current
Fealsúnaigh: Philosopher
Athbheoigh: Revitalise
Fostaíocht: Employment
Ré ar leith: A distinctive era
Dlúthchara: A close friend
Athrú struchtúrach: Structural change
Feiliúnach: Suitable
Clár oibre: Agenda
Fréamhacha: Roots
Geilleagar: Economy
Neamhspleách: Independent
Athmachnamh: Rethink
Dioscúrsa: Discourse
See omnystudio.com/listener for privacy information.
I mí Mhéan Fómhair beidh na mílte Gael ag dul chun na sráideanna i mórshiúl náisiúnta ar son na Gaeltachta agus na Gaeilge. Ach, an bhfuil pobal na Gaeilge ag troid na sean-chathanna céanna le breis agus caoga bliain? Agus cé chomh héifeachtach is a bhíonn léirsithe mar seo chun athrú polasaí a bhaint amach? Ar Seachtain, amharcann an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin siar ar roinnt agóidí de chuid Conradh na Gaeilge agus an toradh a lean iad.
Foclóir:
Éileamh: Demand
Maoiniú: Funding
Maram: I suppose
Mórshiúil: Procession
Mianta: Wishes/Desires
Féinriail: Autonomy
Cumhachtaí: Powers
Uaillmhianach: Ambitious
Cáipéisí: Documents
Ré: Era
Gnáthphobal: Ordinary people
Go borb: Abruptly or Gruffly
Suaitheantas: Emblem
Mana: Motto
San áireamh: Included
Rachmasóirí: A derogatory term for the wealthy
Gan fiacail a chur ann: Not to mince one’s words
Daoine ón iasacht: Outsiders
Rathúil: Successful
Snáithe: Thread
Sean-chathanna: Old battles
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Cuireadh tús le hUachtaránacht Michael D Higgins i 2011, tar éis dó breis is milliún vóta a fháil agus sciar 56% faighte aige.
Ó shín i leith, ghlac sé leis an dúshlán a bheith mar Uachtarán do chách, agus níor chuir sé fiacail ina fhocail agus é ag labhairt amach go poiblí ar ábhair éagsúla.
Ach le deireadh a dhara téarma mar Uachtarán ag druidim linn agus a chomharba le roghnú sna míonna amach romhainn, cé a bheadh in ann teacht isteach sna sála air?
Ar Seachtain, amharcann an Dr Katie Whelan siar ar an am a chaith Micheál D Ó hUigínn in Áras an Uachtaráin agus tugann sí spléachadh ar na féidearthachtaí atá ann dá chomharba.
Foclóir:
Éirimiúil: Intelligent
Ualach: Weight/burden
Beag beann ar: Regardless of
Iontaofa: Trustworthy
Ionannú: Identification
Barántas: warrant
Go héagórach: Unjustly
Pardún iarbháis: Posthumous pardon
Rochtain: Access
Faillí: Negligence
Níor chuir sé fiacail ina fhocal: He didn’t mince his words
Cé is moite: Except
Go neamhbhalbh: Point- blankly
Iar-throdaí: Former fighter
Ceap magaidh: Mockery
Féidearthachtaí: Possibilities
Tugadh bata agus bóthar dó: He was shown the door
Ballraíocht: Membership
Tost: Silence
Dóchúlacht: Probability
Urlabhraí: Spokesperson
Bunús: Basis
Sna sála air: On his heels
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí go leor eachtraí cinniúnacha ann a d’fhág lorg ar dhul chun cinn na gluaiseachta LADTA+ in Éirinn.
Ó na 1970í ar aghaidh, tháinig méadú ar infheictheacht dhaoine aeracha sna meáin in Éirinn - rud a d’imir tionchar nach beag ar mheon mhuintir na tíre.
Ó phóga aeracha ar an scáileán i Ros na Rún, go hóráidí dodhearmadta in Amharclann na Mainistreach, seans go bhfuil sé deacair samhlú anois an streachailt a bhí os comhair an phobail aeraigh le comhionannas a bhaint amach.
Ar Seachtain, tógann tá an t-údar Naoise Dolan siar muid ar na heachtraí is cinniúnaí sna meáin Éireannacha ó thaobh an phobail aeraigh de.
Foclóir:
Eisceachtúil Exceptional
Aiseolas: Feedback
Maitheas: Benefit
Ionchur: Input
Gluaiseachtaí: Movements
Na meáin: Media
In ainneoin: Despite
Feiceálacht: Visability
Crógacht: Bravery
Baol: Danger
Cosc: Ban
Coimeádach: Conservative
Riachtanas: Necessity
Scaip físeán go rábach: A video went viral
Comhionannas: Equality
Amharclann na Mainistreach: The Abbey Theatre
Aiteach: Queer
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó 'Mo Chara' as Kneecap mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana inniu.
Tá sé curtha ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain anuraidh, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.
D’fhoilsigh Kneecap ráiteas ar na meáin shóisialta inar shéan siad go ndearnadh aon choir agus gheall siad go ndéanfaidís cosaint ar “a gcearta” go fíochmhar.
Thug siad le fios gur “ionsaí polaitiúil” é seo ón stát Bhriotanach atá dírithe orthusan mar “ealaíontóirí ó phobal faoi chois”.
Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dúnbarrach cad a thit amach inniu, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.
Foclóir:
Bratach: Flag
Léirigh: To convey or demonstrate
Mídhleathach: Illegal
Dodhéanta: Impossible
Stát sceimhlitheoireachta: Terrorist State
Abhcóide: Barrister
Neamhchoitianta: Uncommon
Achrann: Agro
Ionchúisitheoir: Prosecutor
Blaiseadh: Flavour
Comhghuaillíocht: Alliance
In aghaidh an dlí: Against the law
Cosantóirí: The defence
Mearbhall: Bafflement
Comhghleacaí: Colleague
Aineolas: Ignorance
De réir dealraimh: Apparently
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre.
Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta?
Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr.
Foclóir:
Tithe folmha: Vacant homes
Tréigthe: Abandoned
Fadhb ar leith: A particular problem
Folláin: Healthy
Go sainiúil: Uniquely
Suntasach: Considerable
Éileamh: Demand
Seal: A period of time
Go buan: Permanently
Deontas: Grant
Earcú: Hiring
Farsing: Extensive
Cónaitheacht: Residency
Fo-oifigigh: Junior Officers
See omnystudio.com/listener for privacy information.