Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

All Seachtain episodes

  • Tréigthe agus folamh: A Gaeltacht housing solution?

    Tá Comhairle Chontae Mhaigh Eo ag earcú Comhordaitheoir Ar Thithe Folmha sa Ghaeltacht, agus beidh dualgais acu sna Gaeltachtaí fud fad na tíre.

    ­

    Ach, an bhfuil aon fhiúntas leis an ról agus an ndéanfaidh sé rud ar bith chun dul i ngleic leis an ghanntanas tithíochta?

    ­

    Thug iriseoir Gaeltachta Seachtain, Áine Ní Bhreisleáin, leargás ar an cheapúchán úr.

    ­

    Foclóir:

    ­

    Tithe folmha: Vacant homes

    ­

    Tréigthe: Abandoned

    ­

    Fadhb ar leith: A particular problem

    ­

    Folláin: Healthy

    ­

    Go sainiúil: Uniquely

    ­

    Suntasach: Considerable

    ­

    Éileamh: Demand

    ­

    Seal: A period of time

    ­

    Go buan: Permanently

    ­

    Deontas: Grant

    ­

    Earcú: Hiring

    ­

    Farsing: Extensive

    ­

    Cónaitheacht: Residency

    ­

    Fo-oifigigh: Junior Officers

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Gaelcholáiste nua mar chuid den fhís do cheantar Gaeltachta BÁC

    Tá Gaelcholáiste nua beartaithe do lár na cathrach agus tá na doirse le hoscailt i mí Mheán Fómhair 2026, ach is iomaí dushlán atá fós le sárú leis sin a chur i gcrích.  Ach, le os coinn 90% de mhúinteoirí na scoile i gcoinne Synge Street CBS a aistriú go Ghaelcholáiste, agus le tuismitheoirí go fóill gan mórán eolais faoin Ghaelcholáiste nua, an bhfuil baol ann nach dtarlóidh sé?  Cad iad na dushláin atá os comhair meánscoil lán-Ghaeilge a bhunú i lár na cathrach, agus, cén fáth nach bhfuil achan duine sásta faoi?  Labhraíonn Julian de Spáinn, ón fheachtas Gaelcholáiste 2,4,6,8 faoin phlean le ceathrú Gaeltachta a chruthú i gcroílár na cathrach. 


    Foclóir:

    Soláthar: Supply 


    Roinn: Department 


    Éileamh: demand 


    Ilchreidmheach: Multi-faith 


    Liosta feithimh: Waiting list 


    Taighde: Research 


    Gar: Close 


    Tuairimí: Opinions 


    Iarratas: Request 


    Tairiscint: Offer 


    Maíomh: Boast 


    Ailtirí: Architects 


    Teagasc: Teaching 


    Earcaíocht: Recruitment 


    Cumarsáid: Communication 


    Ceathrú: Quarter 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Gaeltacht Acla faoi bhagairt de bharr na ‘second homes’

    Tá clú agus cáil ar áilleacht chósta iarthar na hÉireann agus meallann sé turasóirí ó chian agus ó chóngar.  Tá go leor daoine in Éirinn agus thar lear a bhfuil teach saoire acu sna ceantracha ghalánta seo, na Gaeltachtaí san áireamh.  Ach leis na fadhbanna atá á gcruthú do dhaoine áitiúla de bharr na dtithe saoire seo, is léir go bhfuil práinn le cur leis an soláthar tithíochta fad-téarmacha do mhuintir na háite ar chósta na hÉireann.  Labhair Colm Mac Eachmharcaigh, Oifigeach Pleanála Teanga i nGaeltacht Acla i gContae Mhaigh Eo faoi chás na Gaeltachta ansin. 


    Foclóir 


    Folamh: Empty 


    Scaipthe amach: Spread out 


    A mheas: Estimate 


    Easpa tithíochta: A lack of housing 


    Cothú: Cultivate 


    Luach: Value 


    Le dul i ngleic leis: To tackle or to address it 


    Bagairt: Threat 


    Tuairimí: Ideas 


    Casta: Complex 


    Muintir: Family or people 


    Taobh Thiar: The west side 


    Cíos: Rent 


    Cothromaíocht: Balance 


    Go buan: Permanently 


    Tá siad ag cur fúthu sa Ghaeltacht: They’re living in the Gaeltacht 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • 'Mo Chara’ Liam Óg Ó hAnnaidh cúisithe faoin Terrorism Act

    Tráthnóna Dé Céadaoin, cúisíodh ball de Kneecap, Liam Óg Ó hAnnaidh, a sheinneann faoin ainm stáitse Mo Chara, as coir faoin Acht Sceimhlitheoireachta. 


    Baineann an cúiseamh le líomhain go raibh bratach Hezbollah á thaispeáint aige ag ceolchoirm i Londain anuraidh. 


    Tá Hezbollah agus tacaíocht dó mídhleathach sa Ríocht Aontaithe.  


    Tuigtear go mbeidh an tUasal Ó hAnnaidh ag séanadh an chúisimh.  


    Thug Kneecap “political policing” ar an gcúiseamh. Dar leo, ní hiad féin agus a bhfuil ar bun acu an scéal ach an “cinedhíothú”  in Gaza. 


    Labhair Seachtain leis an iriseoir Gearóid Ó Muilleoir faoi na castachtaí agus na himpleachtaí a bhaineann leis an scéal seo. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Grá, Gníomh agus Gay Rights: 'Bliain i ndiaidh an reifrinn a phósamar’

    Cothrom an lá seo deich mbliana ó shín anois  chuaigh muintir na hÉireann i mbun vótála i reifreann stairiúil suntasach. Reifreann chun pósadh a leathnú amach d’achan duine – chun go mbeadh an rogha ag daoine duine den inscne chéanna pósadh.  Sa deireadh, bhí 62% againn i bhfabhar Bunreacht na hÉireann a athrú.  Labhair an Dr John Walsh faoin athrú a tháinig ar an tír ó thréimhse chorrach na nOchtóidí go dtí an lá atá inniu.

    ­

    Foclóir:

    ­

    Aerach: Gay

    ­

    Ní hionann sin: It doesn’t mean

    ­

    Díspóireacht: Debate

    ­

    Ginmhilleadh: Abortion

    ­

    Feiceáileacht: Visibility

    ­

    Coiscthe: Banned

    ­

    Cúngaigeanta: Narrow-minded

    ­

    Claonadh gnéis: Sexual orientation

    ­

    Feachtasaíocht: Campaigning

    ­

    Goilleann sé orm: It bothers me

    ­

    Leochaileach: Vulnerable

    ­

    Bagrach: Threatening

    ­

    páirtnéireacht shibhialta: Civil partnership

    ­

    Tháinig sé aniar aduaidh orainn: It took us by surprise

    ­

    Comhionannas: Equality

    ­

    Aischothú: Feedback

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • Conspóid an Carna Bay Hotel: Cad é seasamh mhuintir na háite?
    ‘Caith do chuid airgid i do cheantar féin’, manna a bhí in úsáid le linn na dianghlasála, aimsir Covid-19. Ach bíonn ceantair iargúlta ag súil le turasóirí chun airgead a tharraingt isteach. I gcás Iorras Aithneach, go dtí cúpla bliain ó shin– bhí na turasóirí seo ag cur in Óstán Chuan Charna, nó an Carna Bay Hotel, mar ab fhearr aithne air. Ach bhí casadh sa scéal - thosaigh cogadh i bhfad ón bhaile san Úcráin sa bhliain 2022 agus glacadh leis an gcinneadh tearmann a chur ar fáil do theifigh a bhí ag éalú ó fhórsaí na Rúise. Trí bliana ar aghaidh – anois tá an t-óstán i mbéal an phobail – ach cén fáth? Le haghaidh an scéal seo a mhíniú agus dearcadh muintir na háite a roinnt linn tá Meadhbh Ní Ghaora.... Foclóir: Ag impigh - implore Dianghlasáil - lockdown Úinéir - owner De réir mo thuairime - according to my opinion Go tráthúil - topical Arna mhárach - the following day Cógaslann - chemist Glan an fírinne - the plain truth Baol - threat Go géar - critically I bponc - stuck Scriosadh - spoiling Díbir - expel Critéar - criteria Brabús - profit Áiseanna - facilities

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    26 min
  • ‘Raising Gaeilge’: Parenting as Gaeilge agus ceachtanna atá foghlamtha
    Tá béim láidir ar an dátheangachas na laethanta seo agus pléitear go maith na buntáistí a bhaineann leis. Ach cé chomh deacair is atá sé páiste a thógáil trí Ghaeilge, go háirithe nuair atá siad timpeallaithe ag an Bhéarla? Cuireann Siún Ní Dhuinn an spotsolas ar na deacrachtaí atá le sárú mar thuismitheoir agus í ag tógáil páiste le Gaeilge agus na ceachtanna atá foghlamtha aici ar an bhealach. Foclóir: Ag streachailt: Struggling A chur in iúl: To express Oiriúnach: Appropriate Modh: Method Ullmhúchán: Preparation Feighlí linbh: Baby-sitter Amscaí: Awkward Constaicí: Hurdles Cinneadh: Decision Scáileán: Screen Cathanna: Battles Foirfe: Perfect Diabhal: Devil Tréimhse: Period of time Slí bheatha: Career Na maidí a ligean le sruth: To take your eye off the ball

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Stair an ‘Far-Right’ in Éirinn agus ceist na Gaeilge
    Le blianta beaga anuas, tá cuid mhór cainte ann faoin eite fíordheis. Trasna na hEorpa tá méadú tagtha ar líon na Páirtithe ar an eite fíordheis atá ag dul i mbun cumhachta. Tá na grúpaí seo ag bailiú nirt, ach ní gluaiseacht nua é seo in Éirinn. Amharcann na hiriseóirí Ciarán Dunbar agus John Downing siar ar an faisisteachas i stair na tíre seo. Foclóir: Ábhartha: Relevant An eite fhíordheis: Far-right Faisisteachas: Fascism Daonlathas: Democracy Leasainm: Nickname Círéibeacha: Riots Cine: Race Iomarcach: Excessive Docht daingean: Firm Coimeádach: Conservative Eisceachtúil: Exceptional Féiniúlacht: Identity Leagan: Form Ciníoch: Racist Dornán: Handful

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • Kneecap i lár conspóide: Agóid pholaitiúil nó gríosú chun fuatha?
    Is mion minic a bhfeictear Kneecap i lár conspóide, ach an ndeachaigh siad thar fóir an uair seo? Ó cuireadh teachtaireachtaí frith-Iosrael in airde ar scáileán mhór ag a gceolchoirm ag Coachella coicís ó shín, tá súile an domhain ar an mbanna ceol, agus tá fiosrúchán ar bun ag póilíní frithsceimhlitheoireachta sa Bhreatain. An bhfuil ráitis agus físeáin Kneecap ag cothú gríosú chun fuatha nó an agóid pholaitiúil é? Agus cad é an tionchar a bheith aige seo ar an bhanna ceoil amach anseo? Labhraíonn an tuairisceoir Róisín Ní Mhaoláin faoi Kneecap agus an chonspóid is déanaí. Foclóir: Conspóid: Controversy Cáineadh: Criticism Tost: Silence Líomhaintí: Allegations Coireacht: Crime Úrlabhraí: Spokesperson Ag béicíl: Shouting Frithsceimhlitheoireacht: Counter-terrorism Cúlghair: Revoke Baol: Jeopardy Lucht leanúna: Fans Fulaingt: Suffering Saoirse cainte: Free speech

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Bás an Phápa, séipéal scriosta & todhchaí Fhoras na Gaeilge: What’s hitting the headlines this week?
    Is tréimhse ciúin í an sos Cásca sna seomraí nuachta go minic. Leis an Dáil agus na scoileanna ar saoire ag an am seo bliana, ní bhíonn iriseoirí leath comh gnóthach is a bhíonn de ghnáth. Ach is léir nach amhlaidh an Cháisc seo. Ar an bpodchraoladh, tugann Gearóid Ó Muilleoir, eagarthóir Seachtain, agus an t-iriseoir Ciarán Dunbar, spléachadh ar mhórscéalta an nuachtáin. Foclóir: Ar shlí na fírinne: Departed or passed away I lár an aonaigh: In the spotlight Tórramh: Funeral Agóidíocht: Protesting Béim: Emphasis Mí-úsáid: Abuse Íospartaigh: Victims Árasán: Apartment Mianta: Desires

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min