Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

All Seachtain episodes

  • Gaelscolaíocht - blossoming under the DUP ach ag titim siar faoin rialtas ó dheas
    Tá obair mhór os chomhair Uachtarán nua Chonradh na Gaeilge agus é ag cur tús lena aistear sa ról. Toghadh Ciarán Mac Giolla Bhéin, gníomhaí teanga as Iarthar Bhéal Feirste, mar Uachtarán Chonradh na Gaeilge ag an deireadh seachtaine. Labhair sé le Seachtain faoin fheachtas ‘Gaelcholáiste BÁC 2,4,6,8’ agus an peirspictíocht éagsúil “Feirsteach” atá aige agus conas a imreoidh sé tionchar air sa ról amach anseo. Láithreoir; Tessa Fleming, Aoi; Ciarán Mac Giolla Bhéin Foclóir: Corraithe: Agitated Cuimsithe: Embodied Constaicí: Obstacles Naimhdeas: Animosity Cur i gcéill: Bluff/ Masquerade Cos ar bolg: Oppress Cur i gcrích: Accomplish Deartha: Designed Uaillmhianach: Ambitious. Borradh: Boom Meicníocht: Mechanism Timthriall: Cycle Cuí: Appropriate Inacmhainne: Affordable An Bhreatain Bheag: Wales Critéir: Criteria Pobalbhreith: Opinion poll

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Gradaim Nós: The rising stars sa cheol Gaeilge

    Beidh mór-réalta an cheol Gaeilge faoin spotsolas ag na Gradaim Nós an deireadh seachtain seo. Tá 30 ceoltóir ainmnithe i naoi rannóg, Amhrán na Bliana, Albam na Bliana (Nuacheol) agus Físeán na Bliana ina measc.  Labhair eagarthóir na hirise, Conor Torbóid agus bunaitheoir na hirise, Tomaí Ó Conghaile faoi na ceoltóirí atá mar chuid den renaissance ceoil atá ag tarlú i saol na Gaeilge.

    Foclóir:

    Borradh as cuimse: Massive growth

    Ag gréasánú: Networking

    Ag suanbhruith: Simmering

    Claibín: Lid

    Bolgáin: Bubbles

    Eisigh: Release

    Tá sé deacair é a shárú: It’s hard to beat him

    In imeacht na mblianta: in previous years

    Cneasú: Healing

    San iomaíocht: In competition

    Gníomhaí: Activist

    Ag saothrú: Cultivate

    Nuatheachtaí: Newcomers

    Maoiniú: Funding

    Inbhuanaithe: Sustainable

    Foinse: Source

    Beag beann ar: Regardless of

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min
  • Irish folklore: How romantic is atá muid mar thír?
    Tá tobar saibhir béaloidis in Éirinn ina bhfuil scéalta ann atá bunaithe ar eachtraí ársa a bhí foréigeanach, tubaisteach, draíochtúil agus cealgach. D’fhás cuid mhór againn aníos ag éisteacht le scéalta faoi laochra cróga amhail Cú Chulainn, an Bhanríon Méabh, Gráinne Mhaol agus an Tuath de Danann. Ach cad é faoi na scéalta grá? Agus an bhfuil mórán den searc le mothú i mbéaloideas na hÉireann? Do Lá Fhéile Vailintín, chuaigh an saineolaí béaloidis Aedín Ní Thiarnaigh ag tochailt isteach sna seanscéalta le fáil amach cé chomh rómánsúil is atá muid mar thír. Foclóir: Is ar éigean: Hardly/scarcely Galar: Disease Cealg: Treachery Uas aicme: Aristocracy Ball seirce: Beauty-spot Tóraíocht: Pursuit Faoi gheasa: Under a spell Maighdean mhara: Mermaid Achrann: Bust-up Daonnacht: Humanity

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • Kneecap star Fionnuala Flaherty: ‘Níl an aisteoireacht chun mé a shábháil’
    Tá Fionnuala Flaherty ainmnithe do ghradam aisteoireachta ag na IFTA’s den chéad uair. Tá seacht n-ainmniúchán déag faighte ag Kneecap ag na gradaim a bheith ar siúl Dé hAoine, an líon is mó ainmniúchán do thogra ar bith i mbliana. Ar Seachtain, labhair Fionnuala faoin bhriseadh croí a bhí aici, agus an cinneadh an aisteoireacht lánaimseartha a fhágáil le ‘security’ a bheith aici. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Fionnuala Flaherty Foclóir: Ainmniúchán: Nomination Meall: To entice Iontach tógtha le: very taken with Réchúiseach: Easy-going Cur i gcéill: Masquerade Meabharach: Mindful Aischothú: Feedback Neamhaird: Ignoring Socair: Composed Lán-aimseartha: Full-time Earnáil: Industry Caighdeán: Standard Gráin: Loathing

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • An caidreamh aisteach idir Éirinn agus an tír is rúnda ar domhain
    Is í an Chóiré Thuaidh an tír is rúnda agus is míleata ar domhain. Tá rialacha ar leith i bhfeidhm sa tír, agus bhí leis na blianta, a chuireann srian ar na meáin idirnáisiúnta tuairisciú mar is ceart a dhéanamh ar cad é atá ag tarlú sa tír. Mar sin féin - bhí ceangail ag an ríocht rúnda seo le grúpaí cultúrtha agus grúpaí paramíleata in Éirinn. Láithreoir: Tessa Fleming | Aoi: Bill Breathnach Foclóir Cumannach: Communist Airgead a thiomsú: Fundraise Idé-eolaíocht: Ideology Eolaithe: Scientists Géilliúil: Obedient Coitianta: Common Fionnadh: Fur Eiseamláir: Model Malartú: Exchange Toscaireacht: Delegation Dushlánach: Challenging Neamhchonspóideach: Uncontroversial Smacht: Control Baol: Danger Soineanta: Innocent Coiriúlacht: Criminality

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Bringing back na teangacha marbha
    Le Kneecap, How to Gael agus Manchán Magan go mór i mbéal an phobal tá próifíl ard ag an nGaeilge faoi láthair agus tá borradh ollmhór tagtha ar an tsuim sa teanga.Ach, an amhlaidh an cás dearfach seo i dtíortha eile? Agus an féidir teanga atá marbh a hathbheochan arís? Labhair Seachtain leis an léachtóir Katie Whelan faoi roinnt de na teangacha a bhí i mbaol báis, agus cé chomh rathúil is a bhíonn iarrachtaí le beatha a chur iontu arís. Foclóir: Ar a dtoil: To speak fluently In éag: to die out Meon: Attitude Diúltaigh: Refuse Athbheochanóir: Revivalist Tréibh: Tribe Dírdhreach: Landscape Drogall: Reluctance Cosc: Ban Faoi chois: Oppress Feadaíl: Whistling Meath: Decline Féiniúlacht: Identity

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Cad é an ‘roadmap’ don Ghaeilge sa rialtas nua?

    Tar éis do rialtas úr a bheith ceaptha inniu, beidh aird na n-airí rialtais ar spriocanna an Chláir Rialtais a bhaint amach.

    Foilsíodh an clár rialtais le breis agus 160 leathanach ann ag déanamh cur síos ar na gealltanais ar fad atá ag an rialtas nua seo.

    Ach cad é atá i ndán don teanga faoin Aire Ghaeltachta nua?

    Labhair an t-iriseoir Bill Bhreatnach le Seachtain leis na spriocanna is suntasaí i leith na Gaeilge a phlé.

    Foclóir:

    Clár rialtais - Programme for Government.

    Spriocanna – Targets.

    Breithiúnas - Judgement.

    Lánfhostaíocht - Full employment.

    Earnáil na cógaisíochta - Pharmaceutical industry.

    Líonraí - Networks.

    Maoin intleachtúil - Intellectual property.

    Brabús - Profit.

    Stocaireacht – Campaign.

    Soláthar - Supply

    Móréileamh - Main demands.

    Athbhreithniú - Review.

    cumhacht reachtúil - Statutory powers.

    Maoiniú - Funding.

    Deontas -  Grant.

    Athchóiriú - refurbish.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Manchán Magan: India’s linguistic link leis an Ghaeilge
    Cé go bhfuil an chuma air sa chéad dul síos gur beag na cosúlachtaí atá idir Éirinn agus an Ind, tá tréithe domhain is arsa a cheanglaíonn an dá chultúr le chéile. Ag dul siar na mílte bliana, ba léir go raibh i bhfad níos mó rudaí ann i gcoitianta idir na hÉireannaigh agus ana hIndiaigh ó thaobh teanga, scéalta agus traidisiún. Labhair Manchán Magan le Tessa Fleming faoi na seoid chultúrtha seo a bhí faoi cheilt atá nochtaithe anois ina leabhar. Ollamh: Professor Cosúlachtaí: Similarities Tréithe: Traits Miotaseolaíocht: Mythology Ríthe: Kings Treibh: Tribe Tráth den saol: Once upon a time Iliomad: A great quantity Comhtharlú: Coincidence Sinn féin: Ourselves Gné: Aspect Díriú: Focusing Níos fadradhairce: More far-sighted Ársa: Ancient Fealsúnacht: Philosophy Ceannann céanna: The exact same Lochlannach: Viking

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • Trump 2.0: From Capitol riots to presidential oath
    Níl ach cúpla lá fágtha sula dtosnaíonn Donald Trump a dara seal mar Uachtarán SAM sa Teach Bán. Ach cad é a bheas difriúil faoi uachtaránacht Trump an uair seo agus ar chóir dúinn in Éirinn a bheith buartha faoi? Láithreoir: Ciarán Dunbar | Aíonna: Aisling Brady agus Niall Ó Muilleoir Foclóir: Oirniú: Inauguration - Searmanas insealbhaithe: Induction ceremony - Traon: A third - Síntiúis dheonacha: Donations - Mionn: Oath/pledge - Suntas: Meaningfulness - Cúrsaí slándála: Security - Círéibeaca Riots - Coireanna: Crimes - Geilleagar: Economy - Boilsciú: Inflation - Cur i gcrích: Accomplish - Inimirce: Immigration - Ag déileáil le: Dealing with - Eisceachtaí: Exceptions - Oidhreacht: Legacy - Míorúiltí: Miracles.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    20 min
  • ‘Gaeilge i mo chroí’: Reconnecting leis an teanga
    Leis an bhliain úr buailte linn, is cinnte go bhfuil liosta de rúin na hathbhliana ag roinnt mhaith againn, agus tá Molly Nic Céile ag moladh do dhaoine foghlaim na Gaeilge a chur ar an liosta sin. Is cruthaitheoir ábhar Gaeilge ar líne í Molly, a thosaigh ag foghlaim an teanga in athuair mar dhuine fásta agus í ag déanamh stáidéir ar an ollscoil. Bhuaigh a céad leabhar, ‘Gaeilge i mo chroí’ gradam ag na ag Gradaim Leabhar An Post le déanaí agus is saothar é a dhéanann iarracht daoine a ghríosú le triall a bhaint as an teanga arís. Ar Seachtain, labhair Molly faoin chosán chasta a bhí aici féin leis an teanga agus an taobh diúltach le bheith ag plé leis na meáin shóisialta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min