Seachtain

Seachtain

By Irish IndependentNews
Download on the App Store

All Seachtain episodes

  • Cás Liam Óig caite amach ag an chúirt

    Tá cás sceimhlitheoireachta in aghaidh Liam Óig Uí Annaidh, rapálaí ón bhanna cheoil Kneecap, caite amach ag ag cúirt i Sasana.

    Cuireadh ina leith gur thaispeáin sé brat Hezbollah agus é ar stáitse i Londain, agus go raibh sé sin ina chomhartha tacaíochta don eagraíocht thoirmiscthe.

    Seo an tríú huair do Liam Óg teacht os comhair na cúirte i dtaca leis an gcúiseamh seo, ach cuireadh moill ar an bhreithiúnas roimhe seo mar gheall ar argóintí dlí teicniúla.

    ­

    Labhair an t-iriseoir Ciarán Dunbar ar Seachtain faoin mhéid a tharla sa chúirt inniu.

    ­

    Foclóir:

    Ionchúisitheoir: Prosecutor

    ­

    Máguaird: Environs

    ­

    Cúiseamh: Charge

    ­

    Neamhchiontach: Innocent

    ­

    Cinneadh: Decision

    ­

    Cloí: Abide by

    ­

    Trídhathach: Tricolour

    ­

    Slad: Plunder

    ­

    Míchuí: Inappropriate

    ­

    Cosc: Ban

    ­

    Camchuairt: Tour

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    13 min
  • Presidential Race or Closed Club? Triúr san iomaíocht, neamhspleáigh fágtha ar lár

    Beidh díreach triúr iarrthóirí ag dul san iomaíocht sa toghchán uachtaránachta, agus is iad ar fad ainmnithe ag Páirtithe an Oireachtais. Ach cad é faoi na hiarrthóirí neamhspleácha, iad siúd nach raibh in ann an tairseach a bhaint amach agus a n-ainm a chur ar an ballot paper? Agus le lá na vótála ag teanadh linn, cén cineál Uachtaráin atá uainn anois? Ar Seachtain, tugann Ursula Savage, tráchtaire polaitíochta,  spléachadh ar na hiarrthóirí, na conspóidí agus na knock-backs atá feicthe againn san fheachtas go dtí seo. 


    Foclóir: 


    Toghcheantar: Constituency 


    Dul ar scor: Retire 


    Deimhnithe: Confirmed 


    Siar is aniar: Back and forth 


    Comhbhá: Empathy or kinship 


    Iarrthóirí neamhspléacha: Independent candidates 


    Comhairle áitiúla: Local authority 


    Ainmniúchán: Nomination 


    Tairseach: Threshold 


    Rathúil: Successful 


    Luachanna: Values 


    A mhalairt: The opposite 


    Droch-tháithí: Bad experience 


    Ní chuireann sí fiacail ina cuid focail: She doesn’t mince her words 


    Maitheas: Good or benefit 


    As an ghnáth: Out of the ordinary 


    Seicteachas: Sectarianism 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    23 min
  • Gaeil ar na sráide: Cé a bhí ag éisteacht?

    Chuaigh na mílte Gaeilgeoirí chun sráide i mBaile Átha Cliath Dé Satharn sa chéad agóid náisiúnta ar son na Gaeilge san ardchathair le breis agus deich mbliana. Ach an raibh duine ar bith ag éisteacht leo? 

    Ar Seachtain, phléigh na hiriseoirí Áine Ní Bhreisleáin agus Ciarán Dunbar faoin mórshiúil stairiúil le Tessa Fleming. 

    Foclóir:

    • Éileamh: Demand 

    • Fiúntas: Merit or value 

    • Aird: Attention 

    • Gríosaigh: Incite 

    • Meastachán: Estimation 

    • A neartú: To strengthen 

    • Feiceáileach: Visible

    • Cuí: Proper 

    • Feirsteach: Someone from Belfast 

    • Bratach: Flag 

    • Tapaigh: To seize or grasp  

    • Díolúintí: Exemptions  

    • Breatnaise: Welsh 

    • A dhath: Diddly-squat or nothing 

    • Tithe folmha: Vacant homes 

    • Maram: I suppose 

    • Cáinaisnéis: Budget


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    19 min
  • Na mílte Gaeilgeoirí take to the streets in protest - Cén fáth?

    Ní rud a fheictear go minic é – slua mór de Ghaeilgeoirí ag bailiú le chéile ar shráideanna na hardchathrach – agus iad feargach.  Is í seo an chéad agóid náisiúnta - thuaidh agus theas - ar son an Ghaeilge le breis agus deich mbliana. Cén fáth a bhfuil siad ag dul chun sráide, agus an seasann an phobal gan Gaeilge, leo? 


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Róisín Ní Chinnéide 


    Foclóir: 


    Bainisteoir Abhcóideachta: Advocacy manager 


    Reachtaíocht: Legislation 


    Cuí: Proper 


    Scagadh: Sifting through or vetting 


    Ag dul chun sráide: Taking to the streets 


    Bagairt: Threat 


    Ag gníomhú: Taking action 


    Cothromaíocht: Balance 


    A mheá: To weigh up 


    Ag snámh in aghaidh easa: To swim against the current 


    Maoiniú: Funding 


    Lom: Bare or naked 


    Caiteachas: Spending 


    Ar bhonn rialta: On a regular basis 


    Dúbailt Doubling 


    Sprioc: Aim or goal 


    Rochtain: Access 


    Eiseamláir: Role model 


    Uaillmhianach: Ambitious 


     


     

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min
  • ‘Rinne mé gach rud eile’: Naoise Dolan ar a bealach go Gaza

    Tá mionchabhlach de thuairim is 50 bhád ar a bhealach go Gaza – agus tá Éireannaigh ina measc siúd atá ar bord.  


     

    Tá na céadta daoine ó thíortha fud fad an domhain mar chuid den  Global Sumud Flotilla agus é ar intinn acu cabhair dhaonnúil a thabhairt isteach do mhuintir Gaza.  


     

    Tuairiscíodh oíche Dé Luain gur bhuail drón ceann de na báid sa Túinéis áfach. 


     

     Chuir an Global Sumud Flotilla físeán in airde ar na meáin shóisialta a léiríonn solas geal ag bualadh an bháid. Níor gortaíodh aon duine.  


     

     Ach diúltaíonn údaráis na Túinéise gur drón a bhí i gceist.  


     

    Deir lucht eagraithe an chabhlaigh nach gcuirfidh eachtraí sa Túinéis stop lena dturas agus go leanfaidh siad orthu. 


     

     Tá Naoise Dolan ina cuid den iarracht seo agus labhair sí le Seachtain. 


    Foclóir: 


    Eachtra: Incident 


    Cinedhíothú: Genocide 


    Ionsaí: Attack 


    Rogha: Choice 


    An Túinéis: Tunisia 


    Toradh: Result 


    Ag taobhú: Siding with 


    Ceachtanna: Lessons 


    Sonraí: Details 


    Éalú: Escape 


    Siombalachas: Symbolism 


    Daonna: Humane 


     


     

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Big Tech, an taobh dorcha de - agus an Gaeilgeoir determined to expose it

    Tá an teicneolaíocht fite fuaite i mbeagnach gach gné dár saoil laethúil.  Mar sin féin, ní thuigeann muid i gcónaí an taobh diúltach den nuálaíocht seo, cé go bhfuil na bagairtí a bhaineann le Big Tech feicthe againn arís agus arís eile. Oibríonn Pat de Brún agus a fhoireann chun an dochar atá á dhéanamh ag na comhlachtaí teicneolaíochta a nochtadh. 


    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Pat de Brún (Head of Big Tech Accountability le Amnesty International) 


    Foclóir:

    Cearta daonna: Human rights 


    Imscrúdú: Investigation 


    Mífhaisnéis: Misinformation 


    Abhcóideacht: Advocacy 


    Gníomhaíochas: Activism 


    Cos ar bolg: Oppress  


    Brabús: Profit 


    Gealltanais folmha: Empty promises 


    Claontacht: Bias 


    Marfach: Leathal 


    Fianaise: Evidence 


    Cinsireacht: Censorship 


    Ardán: Platform 


    Rialtas Údarásach: Authoritatian Government 


    Cosaintóirí cearta daonna: Human rights defenders 


    Tacú: support 


    Sárú: Infringement  or breach of 


    Airdeallach: Alert 


    Cinedhíothú: Genocide 


    Dualgas: Obligation 


    Dearadh: Design 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    20 min
  • Gaeilge ón Áras: Should an tUachtarán speak Gaeilge?

    Roimh deireadh na bliana beidh an tír ag caitheamh vóta leis an deichiú Uachtarán na hÉireann a thoghadh. Cé nach ról polaitiúil atá ann, tá tionchar láidir ag an Uachtarán agus iad ag úsáid an ardán, le bunluachanna a n-Uachtaránacht a chur chun cinn. I gcás Mícheál D. Ó hUiginn, thug sé tacaíocht leanúnach do chur chun cinn na Gaeilge le linn a théarma oifige — agus i rith a shaoil ghairmiúil ar fad. Ach cé hiad na hUachtaráin eile a bhí againn a d’imir ról nach beag ar ár dteanga dhúchais, agus, an bhfuil sé tábhachtach go mbeadh Gaeilge ag an Uachtarán?

    ­

    Láithreoir: Tessa Fleming, Aoi: Katie Whelan

    ­

    Foclóir:

    ­

    Dlúthnasc: Strong connection

    ­

    Dearbhú: Declaration

    ­

    Abhcóidí: Advocates

    ­

    Uachtaránacht: Presidency

    ­

    Fréamhacha: Roots

    ­

    Dílis: Faithful

    ­

    Achoimre: Summary

    ­

    Ionadaíocht: Representation

    ­

    Corrach: Fraught

    ­

    Teacht sna sála: To come on the heel of

    ­

    Ard-Rúnaí: General Secretary

    ­

    Tiomanta: Driven

    ­

    Cur chun cinn: Promote

    ­

    Activities: Gníomhaíochtaí

    ­

    Le linn: During

    ­

    In general: I gcoitinne

    ­

    An-cheanúil ar: Very fond of

    ­

    Feiceálacht: Visibility

    ­

    Figh: Weave

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    21 min
  • Mo Chara sa chúirt

    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin.

    ­

    Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith.

    ­

    Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó.

    ­

    Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne.  Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.

    Foclóir:

    ­

    Coir: Crime

    ­

    Scaifte: Group

    ­

    Cinsireacht: Censorship

    ­

    Scuaine: Queue

    ­

    Cúiseamh: Charge/accusation

    ­

    Sceimhlitheoireacht: Terrorism

    ­

    Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation

    ­

    Beag beann: Regardless of

    ­

    Ateagaire: Interpreter

    ­

    Teorainn ama: Time limit

    ­

    Tacaíocht: Support

    ­

    Drogall: Reluctance

    ­

    ­

    ­

    ­

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Mo Chara sa chúirt

    Bhí Liam Óg Ó hAnnaidh, nó Mo Chara as Kneecap, mar is fearr aithne air, os comhair na cúirte in Westminster Shasana Dé Céadaoin.

    ­

    Ba é seo an dara uair dó a bheith sa chúirt i dtaca leis an chúiseamh atá á chur ina leith.

    ­

    Bhailigh na céadta daoine taobh amuigh den teach cúirte ar maidin chun tacaíocht a léiriú dó.

    ­

    Bhí comharthaí agus bratacha á n-iompar agus t-léinte á chaitheamh a léirigh idir tacaíocht don rapálaí agus do chúis na Palaistíne.  Ar Seachtain, míníonn an t-iriseoir Ciarán Dunbar cad a thit amach, taobh istigh den chúirt agus taobh amuigh de.

    Foclóir:

    ­

    Coir: Crime

    ­

    Scaifte: Group

    ­

    Cinsireacht: Censorship

    ­

    Scuaine: Queue

    ­

    Cúiseamh: Charge/accusation

    ­

    Sceimhlitheoireacht: Terrorism

    ­

    Eagraíocht thoirmiscthe: Proscribed organisation

    ­

    Beag beann: Regardless of

    ­

    Ateagaire: Interpreter

    ­

    Teorainn ama: Time limit

    ­

    Tacaíocht: Support

    ­

    Drogall: Reluctance

    ­

    ­

    ­

    ­

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    16 min
  • Gaeilge Bhaile Átha Cliath (cuid a dó): What was the Irish dialect of Dublin like?

    San chéad chuid den phodchraoladh seo, chuala muid faoi stair na Gaeilge sa Chontae  Ach sa dara chuid seo, díríodh ar an gceist - cén saghas Gaeilge a bhíodh á labhairt i mBaile Átha Cliath.  Labhair Ciaran Dunbar leis an Ollamh Emertius Nicholas Williams, fear a bhfuil go leor taighde déanta aige ar an teanga mar a bhíodh i gCúige Laighean.  Agus labhair sé le Colm Ó Broin, fear de bhunadh Chluain Dolcáin atá ag cur faoi i gCill Mhantáin, agus duine a bhfuil suim ar leith aige in oidhreacht Ghaeilge a chontae dúchais.

    ­

    Foclóir:

    Aiceann – stress

    ­

    Scadán - herring

    ­

    Spéisiúil - interesting

    ­

    Baile an tSléibhe - Ballinclea

    ­

    Baile Amhlaoibh – Balally

    ­

    Conradh – a contract

    ­

    Is dócha - probably

    ­

    Meascán mearaí - mishmash

    ­

    Teangeolaí - linguist

    ­

    Saor in aisce – free of charge

    ­

    Cuimsitheach – comprehensive

    ­

    Éagsúil - different

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    24 min