
Sign up to save your podcasts
Or


Is cloch mhíle mhór í caoga bliain d’aois - fágann duine slán le ré amháin, agus cuireann sé tús le ré nua.
Ach ní hionann “caoga” an lae inniu agus an chiall a ba leis do na glúnta eile a tháinig romhainn.
Agus is fíor é sin, go háirithe i gcás Dháithí Uí Shé, agus a bhreithlá mór féin ag teannadh leis.
Le beagnach Tríocha bliain caite aige ar an scáileán teilifíse, is beag duine in Éirinn nach bhfuil aithne súl acu ar Dháithí.
Cad é mar a mhothaíonn sé i ndáiríre faoin chloch mhíle mhór seo?
Agus cad iad na ceachtanna saoil atá foghlamtha aige ar an aistear go dtí seo?
Ar Seachtain, labhair Dáithí le Tessa Fleming.
Foclóir:
Na maidí a scaoileadh le sruth: To let things slide
I bhfaiteadh na súl: In the blink of an eye
Roic: Wrinkles
Maol: Bald
Ag tanú: Thinning
Ardteist: Leaving Cert
Máistir sorcais: Circus master
I ndiaidh a chéile: Back-to-back
Fir grinn: Clowns
Bliain agus leathchéad: 51 years
Caid: Football
Soineanta: Naive or innocent
Domhain: Deep
Teoraí: Guide
Gealgháireach: Cheerful
I gcló: Print
Lig do scíth: Relax
Póigín gréine: Freckle
Breoite: Sick
Is ball den trust project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Beidh vótálaithe i nGaillimh agus Baile Átha Cliath ag caitheamh vóta i bhfothoghcháin Dé hAoine beag seo.
Ghéill Paschal Donohoe a shuíochán Dála i mBaile Átha Cliath Láir i mí na Samhna seo caite chun a dhul ag obair sa Bhanc Domhanda.
Chomh maith leis, tá suíochán an Uachtaráin nua Catherine Connolly le líonadh i nGaillimh Thiar.
Tá 31 iarrthóir san iomlán ag rith sa dá thoghcheantar.
Is iomaí ceist atá i mbéal an phobail agus an toghchán ag teannadh linn.
Tá cúrsaí tithíochta, an costas maireachtála, an inimirce ag croílár an fheachtais sa dá chontae.
Ach cé hiad na hiarrthóirí atá chun cinn go dtí seo?
An buntáiste í líofacht na Gaeilge, go háirithe do mhuintir Chonamara?
Agus cén tionchar a bheidh ag torthaí na dtoghchán seo ar na páirtithe móra agus ar chúrsaí polaitíochta na tíre i gcoitinne?
Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le John Downing, tráchtaire polaitíochta leis an Irish Independent agus Máirín Ní Ghadhra, tráchtaire polaitíochta agus láithreoir TG4.
Foclóir:
Fothoghchán: By-election
Breithiúnas cúirte: Court judgement
Moill: Delay
Stocaireacht: Campaigning
Codarsnacht: Contrast
Toghcheantar/dáilcheantar: Constituency
Bruachbhaile: Suburb
Áibhéil: Exaggeration
Pobalbhreith: Opinion poll
An dallamullóg a chur ar dhuine: To pull the wool over someone’s eyes
Cuarbhóthar: Ring road
Tachta: Choked
Tráth dá raibh: Back in the day
Vóta aistrithe: Transfers
Frithbhunaíochta: Anti-establishment
Teip: Failure
Rogha na coitiantachta: The favourite
Cinniúnach: Decisive
Eachtrannaigh: Foreigners
Iallach a chur ar: To force
Comhaireamh: Count
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Maraíodh Natalie McNally, bean sna luath-tríochaidí, i mbéal na Nollag 2022, agus í trí ar pháiste.
Ciontaíodh a iar-pháirtí, Stephen McCullagh, le déanaí as an dúnmharú ina dhiaidh dó iarracht a dhéanamh na póilíní a chur ar strae le linn an fhiosrúcháin.
Chruthaigh sé bréag-ailibí dó féin. Maígh sé go raibh sé ag ‘beoshruthú’ ar Youtube ar feadh sé uair a chloig an oíche a dúnmharaíodh Natalie.
Chomh maith leis sin, rinne sé tréaniarracht an milleán a chur ar iarpháirtí eile de chuid Natalie.
Mar sin, cén dóigh ar tháinig na póilíní ar an fhírinne?
Agus cad é atá i ndán anois do McCullagh?
Ar Seachtain, labhair Ciarán Dunbar le Tessa Fleming faoin fhiosrúchán, faoin chas cúirte agus faoi McCullagh – iar-chomhghleacaí dá chuid.
Foclóir:
Gean: Affection
Torrach: Pregnant
Idir dhá comhairle: Unsure or to be on the fence
Is léir: it is obvious
Tacht: Choke
Sádh í: She was stabbed
Dúnorgain: Manslaughter
An rud is míofaire: The most hideous thing
Otharcharr: Ambulance
Gabh: Arrest
Dodhéanta: Impossible
Aisteach: Strange
D'ainneoin: Despite
Bleachtaire: Detective
Bhí an t-ádh dearg air: He was very lucky
Comhghleacaí: Colleague
De réir a chéile: Bit by bit
Miotógaí: Gloves
Stócach: Boyfriend
Mar sin féin: However
Go teoiriciúil: Theoretically
Machnamh: Consideration
Aiféala: Regret
Is ball den Trust Project é Seachtain agus ba mhian linn go mbeidh muinín agaibhse ionainn. Is féidir ár mbeartas eitice a léamh ag independent.ie/ourjournalism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá blianta fada caite ag Gráinne McElwain os comhair an cheamara mar láithreoir.
D’fhág sí an mhúinteoireacht meánscoile agus í go fóill sna luath-fichidí chun gairm bheatha a chruthú di féin mar thuairisceoir agus mar láithreoir in earnáil an spóirt.
Ó shin i leith, d’oibrigh sí ag na hócáidí spóirt is mó leis na cainéil mhóra, ar nós RTÉ, BBC, Sky Sports, GAA Beo agus TG4.
Tá a ceird forbartha go paiteanta aici agus an-taithí go deo aici a bheith ag cur faoi agallamh imreoirí, bainisteoirí agus tráchtairí spóirt.
Ach ní earnáil éasca í na meáin in aon chor, agus is minic go mbíonn níos mó ama caite ar an bhóthar ag taistil ná os comhair an cheamara.
Mar sin de, cad iad na buaicphointe agus an crá croí is mó a bhaineann leis an saol seo, saite sa spóirt?
Agus i dtaca leis an láithriú de agus maidir lena a bheith ag caint go poiblí, cad iad na do’s and don’ts atá le foghlaim?
Ar Seachtain, labhraíonn Tessa Fleming leis an láithreoir spóirt Gráinne McElwain faoina saol oibre agus faoina togra úr ‘Own My Stage’.
Foclóir:
Togra: Project
Seomra foirne: Staff room
Nathanna cainte: Phrases or sayings
Earnáil: Sector
Caint phoiblí: Public speaking
Táithí: Experience
Fuinneamh: Energy
Aitheantas: Recognition
Aiseolas: Feedback
Bua na cainte: The gift of the gab
Eiseamláir: Role model
Imní: Nervousness or anxiety
Fánach: Random
Scáthán: Mirror
Teachtaireacht: Message
Caighdeán: Standard
Meáchan: Weight
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba é Daonáireamh 1926 an chéad daonáireamh a rinneadh tar éis bhunú an Stáit.
Beagnach céad bliain tar éis dó a bheith curtha i gcrích, tá fáil againn anois ar an eolas pearsanta a líonadh isteach ar na foirmeacha sin.
Rinneadh tuairisciú ar bheagnach trí mhilliún duine sa daonáireamh sin agus tugann sé léargas fíorluachmhar dúinn ar shaol mhuintir na hÉireann mar a bhí sa bhliain 1926.
Tá cuid mhór againn anois ag tumadh isteach sa chartlann agus suim againn níos mó a fháil amach faoinár gceantar féin agus faoi na daoine a tháinig romhainn.
Sa sraith teilifíse nua, ‘Come to your Census’, chuaigh seisear ar thuras pearsanta chun iniúchadh a dhéanamh ar a gcuid gaolta féin atá luaite sna cáipéisí.
Duine acu siúd ná an láithreoir raidió Gormfhlaith Ní Thuairisg, agus í ag rianú a sinsear féin agus scéalta a pobail.
Labhair Gormfhlaith ar Seachtain faoi na scealta a tháinig chun solais ar a haistear agus an dóigh a ndeachaigh sé i bhfeidhm uirthi.
Foclóir:
Múnlaigh: Shape
Ag brath ar: Depending on
Eisimirice: Emmigration
Éagóir agus leatrom: Injustice and opression
Gannchuid: Scarcity
Racht mothúcháin: Fit of emotion
Chuaigh sé i gcion orm: It really hit home
Drogall: Reluctant
I gcaitheamh móige: Throughout my childhood
Ní laghdaíonn sé sin: That doesn’t take away from
Cosc: Prevent
Leigheas: Remedy
Comhbhá: Empathy
Cruatan: Hardship
Domhain: Deep
Airigh: To feel
Níor chuimhnigh mé: I didn’t consider
Tochailt: Digging
Cladach: Coast/Shoreline
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Ba é seachtain thar a bheith neamhghnách í i gcúrsaí polaitíochta, gan dabht.
Le praghsanna breosla ag ardú go géar, shocraítear léirsithe ar fud na tíre an tseachtain seo caite.
Chuaigh na mílte i mbun agoide agus dúnadh bóithre, cuireadh bacainn ar scaglanna ola na tíre agus is ar éigean a bhí an tír ar tí stoptha ar fad.
Faoi dheireadh, aontaíodh pacáiste ar luach breis agus €700 milliún le dul i ngleic le hardú na bhpraghasanna breosla.
Mar sin féin, cáineadh an rialtas go géar faoin chaoi gur láimhséil siad an ghéarchéim agus cuireadh rún muiníne sa Rialtais faoi bhráid na Dála dá bharr.
Baineadh siar as daoine freisin nuair a d’éirigh Michael Healy-Rae as a phost mar Aire Stáit go tobann, mar léiriú ar a mhíshástacht leis an Rialtas.
Ach tá go leor ceisteanna fós le freagairt.
An bhfuil sé d’acmhainn ag an tír €700 milliún a chur ar fáil don earnáil seo?
Agus leis an Rialtas ag feidhmiú ar thromlach an-chaol, cén tionchar a bheas ag imeacht na Healy Rae’s ón chomhrialtas?
Ar Seachtain, labhraíonn an comhfhreagraí polaitíochta, John Downing le Tessa Fleming.
FOCLÓIR:
Breosla: Fuel
Rún: Motion
Aighneas: Disagreement
Agóideoirí: Protestors
Mustar: Pomp
Tromchúiseach: Consequential
Meath: Decline
Clis eacnamúil: Economic crash or breakdown
Faoiseamh cánach: Tax relief
Fuinneamh: Energy
Ag géilleadh: Conceding to
Ag teacht salach ar a chéile: At odds with each other
Bruscar: Litter/rubbish
Iniúchadh: Inspection or examination
Ag fulaingt: Suffering
Claonta: Biased
Féinfhostaithe: Self-employed
Cáineadh: Criticism
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúnmharaíodh Denis Donaldson, iarbhall den IRA, 20 bliain ó shin i 2006.
Duine sinsearach a bhí ann i Sinn Féin ag tráth a raibh an páirtí ag dul ó neart go neart mar fhórsa polaitiúil sa Tuaisceart.
Creidtear gur cara dílis de chuid Gerry Adams agus Martin McGuinness a bhí ann agus i ndiaidh Chomhaontú Aoine an Chéasta tugadh post riaracháin dó i gCnoc an Anfa.
Ach, sa bhliain 2005, tháinig sé chun solais go raibh Denis Donaldson ag feidhmiú mar spiaire ar son M15 le blianta fada.
Theith sé go ceantar iargúlta i nDún na nGall, áit ar chuir sé faoi i dteach beag gan uisce reatha ná leictreachas.
Is ann a thángthas ar a chorp roinnt míonna ina dhiaidh sin, agus é scaoilte faoi dhó.
Tá go leor ceisteanna fós gan freagraí i dtaca le bás Dennis Donaldson, ceisteanna a ghoilleann ar a chlann go dtí an lá inniu.
Agus le fear Gaeltachta cúisithe le déanaí i leith an dúnmharú - an bhfaighimid amach cé a thug an t-ordú chun é a mharú?
Ar Seachtain, labhraíonn an t-iriseoir Áine Ní Bhreisleáin faoin scéala is déanaí sa chás.
Foclóir:
Spiaire: Spy
Uisce reatha: Running water
Pleascáin: Explosives
Ball: Member
Riarachán: Administration
Ruathar: Raid
Ag spré: Spreading
Ag feidhmiú: Operating
Nocht: Reveal
Iarghúlta: Remote
Ar an toirt: On the spot
Freagracht: Responsibility
Tras-teorainn: Cross border
Corruair: Occasionally
Ag goilliúint orthu: Weighing heavily on them
Ceart agus cóir: Right and justice
Brathadóir: Informer
Ag dul i méadaíocht: Growing up
Eiseachadadh: Extradited
See omnystudio.com/listener for privacy information.
I 1976, tharla robáil traenach a mhairfeas i gcuimhne na ndaoine go deo.
I lár na hoíche, ar an 30ú Márta, thaistil seachtar déag ó Bhaile Átha Cliath go Contae Cill Dara, i gcarr a bhí fuadaithe, chuig trasnú traenach bheag fada amuigh faoin tuath.
Ag a haon a chloig ar maidin, chuaigh ceathrar acu chuig teach feirme díreach i aice leis an líne iarnróid agus chnag siad ar an doras, ag ligin orthu gur Gardaí a ba iad.
Is ansin a choinnigh siad bean, fear agus triúr páiste dá gcuid faoi bhéal gunna.
Dhá uair a chloig níos déanaí, bhí traen poist ar an bhealach ó Chorcaigh go Baile Átha Cliath, nuair a phléasc an geaing an iarnród taobh thiar den teach feirme agus tháinig an traen chun stopadh.
Choinnigh siad an tiománaí agus an criú traein faoi bhagairt.
Chuaigh siad ar bord agus ghoid dhá chéad míle punt, tuairim ar milliún euro sa lá atá inniu ann.
An rud a tharla ina dhiaidh sin áfach, ba chúis náire agus conspóide é don Stáit.
Cúisíodh triúr fear as robáil nach raibh aon páirt acu ann agus maireann na hiarmhairtí go fóill d’Osgur Breathnach,do Nicky Kelly agus do Brian McNally.
Ar Seachtain amharcann Íte Ní Chionnaith, iar-léachtóir iriseoireachta agus iar-bhall den IRSP, siar ar an chonspóid lena dearcadh féin a thabhairt ar an robáil agus ar an mhéid a thit amach ina dhiaidh.
Foclóir:
Faoi bhéal gunna: At gunpoint
Ráiteas: Statement
Pleascáin: Explosives
Iomrall ceartais: Miscarriage of justice
Gabh: Arrest
Baill: Members
Droch-íde: abuse or ill treatment
Bagairt: Threat
Seán: Deny
Cuireadh iachall orthu: They were forced to
Fianaise: Evidence
An Chúirt Choiriúil Speisialta: The Special Criminal Court
Éadóchasach: Hopeless
In ainneoin: Despite
Ciontach: Guilty
D’éalaigh sé: He escaped
Achomharc: Legal appeal
Ciontú: Conviction
Cuir ar neamhní: To quash
Cúiseanna daonna: Humanitarian grounds
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
From the publisher's feed
Scéalta, Eolas, Tuairimí; An Indo as Gaeilge.

44 Listeners

142 Listeners

22 Listeners

59 Listeners

17 Listeners

34 Listeners

347 Listeners

91 Listeners

3 Listeners

39 Listeners

0 Listeners

50 Listeners

108 Listeners

67 Listeners

6 Listeners

32 Listeners

40 Listeners

54 Listeners

0 Listeners

0 Listeners

13 Listeners

2 Listeners

6 Listeners