1. Pádraig MacSuibhne, An Suibhneach Meann, ag caint le Proinsias Ó Conluain fá shaol agus chultúr Mhúscraí i gCorcaigh agus a chuid filíochta sa bhliain 1973. 2. Micheál Ó Corrdubh ag cur síos ar an tseanchas a bhaineann le Leacht Mhuireach in aice le Béal Deirg Co Mhaigh Eo.Séamus Ennis a thaifead sa bhliain 1949. 3. Conall Ó Domhnaill ag cur síos ar an aistriú ó na Gaeltachtaí in iarthar na hÉireann le Gaeltacht úr a bhunú i Rath Cairn Co na Mí. Proinsias Ó Conluain a thaifead 1974. 4. Seán Ó hEochaidh, an bailitheoir béaloideasa ó Theileann i nDún na nGall ag cur síos ar an difríocht a bhraitheann sé idir Teileann agus Gort a’ Choirce i gCloich Chionnaola mar a bhfuil sé ina chónaí anois. Taifeadadh sa bhliain 1953.