Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Sraith tráthúil ina ndéantar iarracht ilchineálacht an tsaoil spioradálta sa tír seo a léiriú. Taistealaíonn Judy-Meg thart timpeall ar Bhaile Átha Cliath, ag foghlaim faoi chórais chreidimh éagsúla a... more
FAQs about Spioradáltacht ar Leith:How many episodes does Spioradáltacht ar Leith have?The podcast currently has 6 episodes available.
September 07, 2012Clár 6 - An comhphobal Págánach - Raidió na LifeTéann Judy-Meg go Bré chun bualadh le cuid den chomhphobal págánach, a bhailíonn uair sa mhí i dteach tábhairne an Harbour Bar chun tionól págánach a bheith acu. Labhrann sí le Deirdre Wadding, scéalaí agus ceoltóir agus seaman (shaman) págánach agus le Mícheál Lóthar, págánach ó St Louis, Missouri....more29minPlay
August 31, 2012Clár 5 - An ghluaiseacht Hare Krishna - Raidió na LifeTéann Judy-Meg chuig an Ionad ISKCON atá mar chuid den ghluaiseacht Hare Krishna i mBaile Átha Cliath chun freastail ar oíche Kirtan agus féasta an Domhnaigh. Labhrann sí le triúr ball den chomhphobal Hare Krishna, Satyarupa Devi Dasi, Máirtín Dáibhís agus Dónal de Blacam....more29minPlay
August 24, 2012Clár 4 - An tOrd Triratna - Raidió na LifeTéann Judy-Meg go hIonad Búdaíoch Bhaile Átha Cliath, áit a chleachtaítear agus a theagascaítear faoi Bhúdachas an Iarthair, nó an tOrd Triratna. Glacann sí páirt i rang machnaimh agus labhrann sí faoin gcreideamh Búdaíoch le beirt fear óg ó Chumann Machnaimh Choláiste na Tríonóide, Shane Ó Dúáin agus Gavin Ó Riain....more29minPlay
August 17, 2012Clár 3 - An Ghluaiseacht Shoiscéalach - Raidió na LifeFreastalaíonn Judy-Meg ar sheirbhís de chuid an tSéipéil Chalvaire, atá mar chuid den Ghluaiseacht Soiscéalach, i gCnoc Lín. Labhrann sí le ball den Eaglais, Cormac Mac Fhionnlaoich, atá mar léachtóir ollscoile ar chúrsaí gnó....more29minPlay
August 10, 2012Clár 2 - An Creideamh Moslamach - Raidió na LifeTéann Judy-Meg ar cuairt go dtí an Ionad Cultúrtha Ioslamach i gCluain Sceach agus freastalaíonn sí ar thuras treoraithe den mhosc. Labhrann sí le bean óg atá mar bhall den chomhphobal Moslamach, Nihed Medbou, a tháinig go hÉireann ón Algéir nuair a bhí sí ina páiste óg....more29minPlay
August 03, 2012Clár 1 - An Eaglais Úinitéireach - Spioradáltacht ar Leith - Raidió na LifeTéann Judy-Meg ar cuairt go dtí an Eaglais Úinitéireach i mBaile Átha Cliath agus freastalaíonn sí ar sheirbhís Dhomhnaigh. Labhrann sí le beirt bhall den Eaglais, Doireann Ní Bhriain, a oibríonn sna meáin, agus Clive Geraghty, iar-aisteoir de chuid Amharclann na Mainistreach atá anois i mbun staidéir iarchéime....more29minPlay
FAQs about Spioradáltacht ar Leith:How many episodes does Spioradáltacht ar Leith have?The podcast currently has 6 episodes available.