Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Tá an cuma ar an scéal go bhféadfadh an tAontas Eorpach teip arís teacht ar comhaontú ag cruinniú mullaigh amárach chun socmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Phléamar an scéal seo le Barry Ward, Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: Sochmhainni Reoite na Rúise
    Tá an cuma ar an scéal go bhféadfadh an tAontas Eorpach teip arís teacht ar comhaontú ag cruinniú mullaigh amárach chun socmhainní reoite na Rúise a úsáid chun tacú leis an Úcráin. Phléamar an scéal seo le Barry Ward, Teachta Dála d’Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: 17 Nollaig 2025
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Barry Ward (Teachta Dála d'Fhine Gael i nDún Laoghaire agus Cathaoirleach an Choiste um Gnóthaí an Aontais Eorpaigh); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí agus Tráchtaire ar Pholaitíocht Mheiriceá); Áine Ní Ghlinn; Rónán Ó Muirthile

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    47 min
  • Tús Áite: Trump agus an BBC
    Dúirt an BBC inniu go dtroidfidh siad cás cúirte Donald Trump, cás atá an tUachtarán ag glacadh i gcoinne an BBC agus deich míle milliún dolar á éileamh aige. Phléamar an scéal seo le Tom Ó Ceallaigh, Tráchtaire i Londain.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: 16 Nollaig 2025
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Dr. Seán Ó Conaill (Léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh); Tom Ó Ceallaigh (Tráchtaire i Londain); Pádhraic Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine); Michael McCaughan (Iriseoir agus Údar)

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    45 min
  • Tús Áite: Pleanáil agus tithíocht
    Tá dréacht - reachtaíocht le teacht os comhair an rialtais atá in ainm is luas a chur faoi phleanáil agus tógáil tithíocht agus infrastruchtúir sa tír, agus is cuid lárnach de seo ná athruithe ar mar a oibríonn athbhreithnithe breithiúnacha. Phléamar an scéal seo leis an Dr. Seán Ó Conaill, Léachtóir le Dlí i gColáiste na hOllscoile Corcaigh.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Reachtálfar cruinniú de pháirtí pharlaiminteach Fhianna Fáil ag a seacht a chlog chun an tuarascáil athbhreithnithe ar fheachtas uachtaránachta an pháirtí a phlé. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíocht Raidió na Gaeltachta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: Tuarascáil Fianna Fáil
    Táthar ag súil leis go bhfoilseofar tuarascáil Fhianna Fáil ar fheachtas uachtaránachta an pháirtí an tseachtain seo, agus é ráite ag an Taoiseach Mícheál Martin go mbeidh sé foilsithe cinnte roimh na Nollag.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    2 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Tithíochta
    Tá Baile Uí Ógáin i mBaile Átha Cliath sa nuacht inniu mar go bhfuil grúpa Bailte Slachtmhara Bhaile Uí Ógáin ag tabhairt dúshlán dlí - don triú uair! - i gcoinne cead pleanála do bhreis is 400 árasán sa cheantair.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min