
Sign up to save your podcasts
Or


Tá an Post cáinte ag stiúrthóir na feile litríochta Gaeilge IMMRAM as ucht gan aon saothar Gaeilge a chur san áireamh i sraith cúig stampa ag déanamh ceiliúradh ar saothair ficsin Éireannacha. Bhíomar á phlé le Alan Titley, Ollamh Emeritus le Gaeilge i gColáiste na hOllscoile Corcaigh, agus Críostóir mac Cafraigh, Oifigeach Gaeilge An Post
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chuaigh Kevin Magee, Iriseoir agus craoltóir, i dteagmháil linn maidir leis an bplé a bhí ar an gclár seo inné faoi chonspóid Dhroim Crí mar gur shíl sé go raibh bearnaí áirithe sa phlé agus mar gur theastaigh uaidh léargas eile a thabhairt ar roinnt de na rudaí a bhí á rá ag Máirin Hurndall ach go háirithe, an tráchtaire ó chúlra Aontachtach a bhí linn ar an gclár inné.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra polaitíochta á phlé le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Phléamar go leor samplaí de chomarthaí scríofa i nGaeilge lofa, samplaí seolta isteach ag éisteoirí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Chosain Uachtarán Chumann Sacar na hÉireann Paul Cooke an slí ar láimhséaladh cluiche Léig na Náisiún na hÉireann i gcoinne Iosrael. Bhí plé láidir anseo idir aoínna an phainéil.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Dúirt Cumann Áitritheoirí Gharbh Achaidh gur chóir eadránaí idirnáisiúnta a cheapadh don aighneas maidir le mórshiúil oráisteach sa cheantar. Phléamar an scéal seo lenár bpainéal.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá cead tugtha ag Coimisiún na Mórshiúlta i dTuaisceart na hÉireann don Ord Oráiste mórshiúil a reáchtáil ar Bhóthar Gharbh Achaidh don chéad uair le hocht mbliana fichid anuas. Phléamar an scéal ó Gearóid Ó Muilleoir, Iriseoir le The Sunday World agus Eagarthóir Sheachtain, agus Breandán Mac Cionnaithe, Cumann Áiritheoirí Gharbh Achaidh.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Caitheann muid súil siar ar an méid a tharla le linn na seachtaine le John Maguire, Iriseoir agus Tráchtaire i bPáras, agus Siobhán Ní Chualacháin, Abhcóide agus stiúrthóir Taighde leis an gCoimisiún Athchóiriú an Dlí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
An tseachtain seo ag Coiste Meáin an Oireachtais, bhí plé ar Comhairle Lucht Éisteachta Raidió na Gaeltachta, mearbhall ar roinnt baill den choiste maidir le an raibh ceann ann nó nach raibh. Labhair muid le Noel Ó Gallchóir, Cathaoirleach Chomhairle Raidió na Gaeltachta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Bhí díospóireacht spleodrach ar an gclár inne idir Donncha Ó hÉallaithe, agus Cathal Seoighe maidir le Chomharthaí Gaeltachta i nGaillimh. Phléamar an scéal ceanna ach i mBéal Feirste agus le Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Fhorbairt Feirste.
See omnystudio.com/listener for privacy information.