Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Féile na Gealaí
    Bhí duine de lucht eagraithe Féile na Gealaí - Caoimhe Ní Chathail linn tráthnóna le roinnt eolas a thabhairt dúinn ar an méid a bheas ag tarlú i Ráth Chairn an deireadh seachtaine seo.
    3 min
  • Tús Áite: 13 Meitheamh 2025
    Áine Ní Chiaráin (Tráchtaire Polaitíochta); Máirtín Ó Duibhir (Anailísí míleata agus iarbhall de chuid Óglaigh na hÉireann); Fearghal Mac Bhloscaidh (Léachtóir Staire Ollscoil na Banríona); Darragh Ó Caoimh (Iriseoir agus Tuairisceoir ar Fhóram); Caoimhe Ní Chathail.
    45 min
  • Tús Áite: An Iarán agus Iosrael
    Deir Iosrael go bhféadfadh sé go leanfaidh na hionsaithe ar aghaidh go leanúnach chun bac a chur ar an Iaráin arm núicléach a thógáil. Labhair Máirtín ó Duibhir, Anailísí Míleata linn faoin scéal seo.
    15 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Bhí Fearghal Mac Bhloscaigh, Léachtóir Staire, in Ollscoil na Banríona agus Darragh Ó Caoimh Iriseoir & Tuairisceoir ar Fhóram linn an tseachtain seo agus iad ag plé scéalta móra na seachtaine.
    19 min
  • Tús Áite: 12 Meitheamh 2025
    John Downing (Comhfhreagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Fionnuala Ní Aoláin (Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona, Iar Rapporteur Speisialta um Chearta Daonna leis na Náisiún Aontaithe); Antóin Ó Lachtnáin (Stiúrthóir ar Cearta Digiteacha Éireann); Áine Ní Ghlinn; Eimear McGovern
    46 min
  • Tús Áite: Roinn Coimirce Sóisialaí
    Sháraigh an Roinn Coimirce Sóisialaí rialacha príobháideachais GDPR maidir le teicneolaíocht aitheanta aighaidhe sna cártaí Seribhísí Poiblí - sin de réir rialú ón gCoimisiún um Chosaint Sonraí inniu. Phléamar an scéal seo le Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir ar Cearta Digiteacha Éireann.
    6 min
  • Tús Áite: Iosrael
    In Iosrael aréir, do theip ar iarrachtaí an fhreasúra sa Knesst – parlaimint Iosrael – in iarracht an parlaimint a lánscoir. Labhair Fionnuala Ní Aoláin, Ollamh le Dlí ag Ollscoil Minnesota agus ag Ollscoil na Ríona linn faoin scéal seo.
    12 min