Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Iris Atlantic
    D'fhoilsigh an iris Atlantic an comhrá téacs iomlán ón sarú slándala tar éis don Teach Bán a mhaíomh nár roinneadh aon fáisnéis rúnaicmithe sa chomhrá ar an aip Signal. Phléamar an scéal seo le Niall Ó Muilleoir, Comhairleoir Gnóthaí Poiblí.
    8 min
  • Tús Áite: Sos Cogaidh
    Deir an Rúis nach gcuirfear an sos cogaidh i bhfeidhm go dtí go bhfaigheann siad faoiseamh ó smachtbhannaí áirithe a bhaineann le cúrsaí talmhaíochta agus baincéireachta. Phléamar an scéal seo le Séamus Martin, Iar-Comhfhreagraí an Irish Times i Mosco.
    5 min
  • Tús Áite: Cearta Cainte sa Dáil
    Vótáil Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú in aghaidh moltaí an rialtais inniu maidir le cearta cainte. Labhair Peadar Tóibín, Ceannaire Aontú linn ar an gclár faoin vóta ar chaith sé.
    8 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Bhí sé ina raic sa Dáil tráthnóna inniu nuair a Vótáileadh ar son moltaí an rialtais maidir le cearta cainte. Rinne an freasúra agóid glórach agus chur an Ceann Comhairle, Verona Murphy, an Dáil ar athló go dtí maidin amárach . É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta.
    10 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Antóin Mac Unfraidh Iar-Thaidhleoir agus Pádraig Ó Dochartaigh, Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine a bhí linn ar an Painéal Idirnáisiúnta inniu. Scannal Slándála Hegseth, Waltz, Vance, An Tuirc agus na forbairtí san Úcráin a bhí i measc na scéalta a bhí á phlé.
    15 min
  • Tús Áite: Aitheantas do Leabhar Gaeilge
    Labhair Naoise Dolan, Údar agus Scríbhneoir linn faoi cúrsaí leabhar agus an alt a bhí ag an Irish Times beagnach coicís ó shin ag tagairt don chéad leabhar is fearr agus gan leabhar Gaeilge ar bith a bheith san alt.
    9 min
  • Tús Áite: 25 Márta 2025
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Peadar Tóibín (Ceannaire Aontú agus Teachta Dála don Mhí Thoir); Naoise Dolan (Údar agus Scríbhneoir); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Pádraig Ó Dochartaigh (Tuairisceoir i mBeirlín na Gearmáine)
    47 min