Tá Príomh Aire na Breataine Keir Starmer ag bualadh le Donald Trump ag an Teach Bán inniu. Phléamar an scéal seo le Domhnall Ó Catháin, Abhcoide i New Jersey.
Éilíodh ar an rialtas inniu i dtuarascáil a d’fhoilsigh grúpaí cearta daonna ar an dá thaobh den teorainn Aonad Fiosrúcháin Stairiúla a bhunú chun básanna neamhréitithe agus eachtraí inár tharla céasadh agus drochíde a fhiosrú. Labhair Osgur Breathnach a ciontaíodh san éagóir i dtaca le robáil traenach na Sollaine i 1976.
Bhí Aengus Ó Snodaigh, TD le Shinn Féin agus Naoise Ó Muirí, TD le Fine Gael linn ar an gclár inniu agus iad ag plé an chonspóid faoi chearta cainte sa Dáil.
Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Aengus Ó Snodaigh (Teachta Dála Shinn Féin); Naoise Ó Muirí (Teachta Dála d'Fhine Gael); Osgur Breathnach; Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey); Cormac Mac Gearailt
Bronnfar Gradam Saoil ar Dhonal Lunny as ucht an méid atá bainte amach aige ina shaoil ag na RTÉ Radio One Folk Awards anocht i Sráid Vicar. Labhair an ceoltóir Pauline Scanlon linn faoi Dhonal.