Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Mairéad Farrell, molta ag Sinn Féin mar chathaoirleach nua ar an gCoiste um Chuntais Poiblí. É seo agus tuilleadh á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta ar pholaitíocht an lae inniu.
    12 min
  • Tús Áite: Cód eiticí rialtas áitiúil
    Tá ar a laghad comhairleoir cathrach amháin á fhiosrú i dtaca le líomhaintí gur sháraigh siad an cód eiticí rialtas áitiúil. Labhair an Cllr. Barra Ó hÉanachán, Comhairleoir Neamhspléach ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath linn faoin scéal seo.
    9 min
  • Tús Áite: Meiriceá agus Iosrael
    Tá foláireamh tugtha ag Meiriceá d’Iosrael níos mó soláthairtí daonnachtúla a scaoileadh isteach i nGaza nó go bhféadfaí srian a chur ar chúnamh míleata Mheiriceá d’Iosrael. Phléamar seo leis an tOllamh Brian Ó Broin, Ollamh in Ollscoil William Patterson.
    9 min
  • Tús Áite: Mír na Meán
    Síle Ní Choinceannain a bhí linn ar Mír na Meán an tseachtain seo agus í ag plé Scéalta Ár Stampaí clár teilifíse ar TG4 agus Comhar Mí Dheireadh Fómhair.
    8 min
  • Tús Áite: 16 Deireadh Fómhair 2024
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Liam Tunney (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Cllr. Barra Ó hÉanachán (Comhairleoir Neamhspléach ar Chomhairle Cathrach Átha Cliath); An tOllamh Brian Ó Broin (Ollamh in Ollscoil William Patterson); Síle Ní Choinceannain
    45 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Bairbre Ní Chíosáin, Léachtóir in Ollscoil Toulouse agus Ronán McCrea Ollamh le Dlí Bunreachtúil in Ollscoil Chathair Londain a bhí linn ar an bpainéal Idirnáisiúnta inniu ag plé na forbairtí is déanaí sa mheánoirthear.
    15 min
  • Tús Áite: Sinn Féin
    Deir an tIar-Sheanadóir Niall Ó Donnghaile gur eisean a d'fhág Sinn Féin théis teachtaireachtaí mí-chuí a chur go duine faoi aois. Phléamar an scéal seo agus na scéalta eile bainteach le Shinn Féin le Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RnaG; Ceannaire Aontú Peadar Tóibín agus an t-abhchóide Siobhán Ní Chualacháin.
    29 min