
Sign up to save your podcasts
Or


Scéalta nuachtáin ó fud fad na tíre á chur i láthair ag Jack Basquille.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá CLG Bhaile Átha Cliath i mbun plean Gaeilge a fhorbairt don tréimhse 2027-2030, agus chuige sin beidh fóram speisialta, Fóram Dubs le Gaeilge, á reachtáil i bPáirc an Chrócaigh go luath chun pobal na Gaeilge san Ardchathair a thabhairt le chéile chun féachaint cad gur féidir a dhéanamh, mar phobal, chun an Ghaeilge a chur chun cinn sa chontae. Bhí Aodán Ceallaigh, Urlabhraí do Oifigeach gaeilge CLG BÁC, linn chun é a phlé.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Deir Coláiste na Tríonóide gur ábhar mór imní é gur diúltaíodh víosaí do mhic léinn o Ghaza teacht chun na hÉireann, in ainneoin go bhfuair siad scoláireachtaí chun staidear anseo. phléamar seo le Pádraig Mac Bhrádaigh, Leas-Uachtarán don Ghaeilge le hAontas na Mac Leinn in Éirinn, a bhí ann.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Na scéalta móra nuachta á phlé le Joe Breathnach, Iriseoir, agus Áine Ní Chiaráin, Trachtaire polaitíochta.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Inniu ar an gclár, phléamar iliomad leabhar iontacha lenár léarmheastóir Áine Ní Ghlinn, I measc na leabhair a phléamar tá:
Oíche Mhaith a Ghrá – Sadhbh Devlin & Brian Fitzgerald ; Gugalaí Gug agus Tic Teac Tiú – Tadhg Mac Dhonnagáin & John Ryan Gruaig Áine – Eoin Colfer, aistrithe ag Sadhbh Devlin; Katie agus an Pacáiste Rúnda – Éadaoin Ní Dhomhnaill.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Níor tháinig farraigí na hEorpa slán ón teas as cuimse a bhuail an Mór-Roinn an samhradh seo; shroich uiscí na meánmhara 27 céim Celsius an mhí seo caite, an teocht is airde i mí Iúil ar bith riamh; agus shroich an fharraige amach ó Mallorca 33 Celsius níos luaithe sa mhí seo. Bhí seo á phlé le Mark de Faoite, saineolaí mara agus fiontraí.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá Uachtarán na hÚcráine Volodomyr Zelenskyy tar éis leas-cheannasaí oifig an Uachtaráin, Iryna Mudra, a briseadh as a post inniu, agus áisíneacht frith-choiriúlachta na hÚcráine ag fógairt gur aimsigh siad grúpa sciúradh airgid i measc státseirbhísigh. Phléamar an méid seo le Nadia Dobrianska Stairí, Tráchtaire agus Iar-Oibrí Cearta Daonna san Úcráin.
See omnystudio.com/listener for privacy information.
Tá mátharchomhlacht Facebook agus Instagram, is é sin Meta, os comhair cúirte i gCalifornia inniu, áit a bhfuil 30 stát Meiriceánach ag cur i leith Meta go ndearna siad a dtáirgí andúileach do pháistí d’aon ghnó. Bhí Antóin Ó Lachtnáin, Stiúrthóir Chearta Digiteacha Éireann, inár dteannta á phlé.
See omnystudio.com/listener for privacy information.