Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Adhmhaíonn RTÉ gur íocadh €345,000 níos mó le Ryan Tubridy thar tréimhse 6 bliana ná mar a thuairscigh RTÉ go poiblí. Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhféadfadh Éire comhoibriú a dhéanamh le PESCO i dtaca le cibearshlándáil agus slándáil mara. É seo á phlé ag Harry McGee ar Pholaitíocht an Lae.
    9 min
  • Tús Áite:
    Harry McGee (Comhfhreagraí Polaitíochta Irish Times); Cearbhall Ó Síocháin (Rúnaí Grúpa Ceardchumann RTÉ); Eoghan Ó Ceannabháin (Gníomhaí Pobal Seachas Brabús); Alan Dukes (Iar-Chathaoirleach Ghluaiseacht na hEorpa in Éirinn); Róisín Ní Chinnéide (Bainisteoir Abhcóideachta CnaG); Alan Titley (Colúnaí leis an Irish Times); Katie Whelan (Tráchtaire)
    47 min
  • Tús Áite: An Fóram Slándála
    Dúirt an Tánaiste Micheál Martin go bhféadfadh Éire comhoibriú a dhéanamh le PESCO i dtaca le cibearshlándáil agus slándáil mara. Is é PESCO structúr comhoibrithe slándála an Aontas Eorpaigh. Bhí Eoghan Ó Ceannabháin agus Alan Dukes linn ar an gclár á bplé seo.
    14 min
  • Tús Áite: Dráma "Translations"
    Tá dráma cáiliúl Brien Friel faoi chúrsaí teanga agus cóilíneaichais Translations, ar an stáitse in amharchlann na Mainistreach an tseachtain seo. Is san Úcráinis atá an leagan seo den dráma. Bhreathnaigh Alan Titley ar an dráma agus thug sé léirmheas dúinn ar an gclár.
    9 min
  • Tús Áite: Ráiteas Grúpa Ceardchumann RTÉ
    D'eisigh an Grúpa Ceardchumann RTÉ ráiteas ag léiriú díomá agus suaithe i dtaca le ráiteas RTÉ níos luaithe maidir le íocaíocht Ryan Tubridy. Labhair Rúnaí an Ceardchumann Cearbhall Ó Síocháin linn ar an gcláir.
    2 min
  • Tús Áite: Gríosú um Fuatha
    Tá Conradh na Gaeilge ag iarraidh go gcuirfí gríosú chun fuatha i gcoinne daoine ar bhonn an teanga a labhraíonn siad san áireamh sa reachtaíocht nua faoi fuathchaint atá ag dul tríd an tOireachtas faoi láthair. Labhair Róisín Ní Chinnéide linn ar an gclár faoi seo.
    6 min
  • Tús Áite: Na Gaeil Aeracha
    Labhair Robbie Irwin, ball do Na Gaeil Aeracha, Cumann CLG aerach linn faoin gclub, agus an fáth gur bunaíodh é. Pléadh an cheist conspóideach ar chóir go mbeadh cead ag mná Trasinscneacha spórt a imirt i gCatagóir na mban.
    8 min