Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Mír na Meáin
    Ar Mír na Meáin an tseachtain seo labhair Brenda Ní Shúilleabháin linn faoi Féile na Meán Cheilteach, clár nua d'ár teideal 'Dúirt Bean Liom' a mbeidh ar siúl anocht ar TG4 agus an chéad eipeasóid don gclár Éire Eile, atá mar chuid d'ocht chlár atá ar fáil ar Sheinnteoir TG4.
    12 min
  • Tús Áite: Ardteistiméireacht tosaithe inniu
    Thosaigh an Ardteistiméireacht inniu le Páipéar a hAon Béarla ar maidin agus Eacnamaíocht Bhaile um tráthnóna. Bhuail Tristan Rosenstock amach go Coláiste Ráithín i mBré, Co. Chill Mhántáin agus labhair sé le cuid de na daltaí, an príomhoide Déaglán Ó Laoire agus an múinteoir Béarla Conall Ó Dúfaigh.
    7 min
  • Tús Áite: An Úcráin
    Tá tubaist daonna agus comhshaoil ag titim amach i gceantar Kherson i ndeisceart na hÚcráine tar éis scriosadh damba ar abhainn an Dnipro. Labhair Frank Reidy linn faoi seo.
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Tá an Rúis agus an Úcráin ag cur an milleán ar a chéile mar gheall ar scriosadh damba i ndeisceart na hÚcráine. Tá sé fógraithe ag Mike Pence go bhfuil sé le hainmniúchán an pháirtí phoblachtánaigh a lorg chun seasamh i dtoghchán na hUachtaránachta. Na scéalta seo á phlé ar an bpainéal idirnáisiúnta ag Niamh Ní Bhroin & Caomhán Ó hÓgáin.
    20 min
  • Tús Áite
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Cathnia Ó Muircheartaigh (Príomhoide Gaelcholáiste Osraí); Breandán MacRóibín (Múinteoir Gairmthreoireach i gColáiste Eoin, Stigh Lorgáin); Dr. Niamh Ní Bhroin (Taighdeoir ar na meán sóisialta in Ollscoil Oslo); Caomhán ó hÓgáin (Aistritheoir le Comhairle na hEorpa sa Bhruiséil); Cuán Ó Flatharta
    49 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Thug an tAire Fiontar Simon Coveney le fios inniu go bhfuil suim aige i gcónaí sa bpolaitíocht agus nach bhfuil sé i gceist aige imeacht ó shaol na polaitíochta sa gcéad oll-thoghchán eile. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar Pholaitíocht an Lae.
    11 min
  • Tús Áite: Scrúdaithe Ardteistiméireachta
    Labhair Cathnia Ó Muircheartaigh agus Breandán Mac Róibín linn ar an gclár chun súil chun cinn a thabhairt ar an Ardteist agus comhairle a thahairt dos na daltaí agus tuismitheoirí araon. Cuirfear tús le na scrúdaithe Ardteistiméireachta amárach le Páipéar a hAon Béarla.
    12 min
  • Tús Áite: Foláireamh astachtaí an EPA
    ‘Ní bhainfidh an tír seo amach a cuid spriocanna ná baol air faoi 2030 i dtaca le hathrú na haeráide a chur ar gcúl mura gcuirtear athruithe suntasacha i bhfeidhm – sin a deir an Ghníomhaireach um Chosaint Comhshaoil i dtuarascáil inniu. Labhair Mícheál Ó Cinnéide linn faoi seo.
    8 min