Bhí Síle Ní Choinceannain ag labhair linn faoi rúin a ritheadh sa Seanad aréir ag léiriú imní go bhfuil tuairim is 11,200 léachtóir trasna na tíre fostaithe ar bhonn sealadach.
Fógróidh Gobhóir Florida Ron DeSantis go bhfuil sé ag iarraidh a bheith mar céad uachtarán eile i gcomhrá le Príomhfheidhmeannach Twitter Elon Musk ar Twitter Space ag a deich a chlog am na hÉireann anocht. Bhí Niall Ó Muilleoir ar an gclár linn chun é seo a phlé.
Inniu ar an gclár: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael); Niall Ó Muilleoir (Comhairleoir Gnóthaí Poiblí i Los Angeles); Eimear McGovern (Iriseoir le The Belfast Telegraph); Norita Ní Chartúir
Tá an nua-Chorónaithe Séarlas agus an Bhanríon Camilla ar cuairt dhá lá ar Thuaisceart na hÉireann inniu agus amárach. Labhair Eimear McGovern linn ar an gclár faoin gcuairt agus an chonspóid atá sa Bhreatain faoi dhaoine a d'fhulaing mí-úsáid gnéis mar phaistí agus táthar ag éileamh ar an Rí idirghabháil a dhéanamh sa chás.
Bhí na seirbhísí a chuirtear ar fáil do pháistí le riachtannais speisialta faoin spotsholas inniu. Dúirt Ceannaire Sinn Féin Mary Lou McDonald go bhfuil suas le 10,000 páiste ag fanacht ar theagmháil le dochtúirí comhairleach chun measúnú a dhéanamh ar a riachtanais. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar pholaitíocht an lae inniu.
Bhí Barry Ward ag plé na moltaí faoisimh cánach a mbeidh le thabhairt do shaoine ar mhéanioncaim, nó ioncaim €52,000 in aghaidh na bliana. Labhair sé linn freisin maidir le lóistín ar uisce d'iarrthóirí tearmainn.
Ceist do Choimisiún na Meán a bheidh ann sainmhíniú a dhéanamh ar cad is clár Gaeilge ann, a deir an tAire Catherine Martin de réir tuairisc i Tuairisc.ie inniu. É seo agus an sraith nua atá le tosú ar TG4 istoíche amárach "Men's Sheds" á phlé ag Norita Ní Chartúir ar Mír na Meáin inniu.
Inniu ar an gclár: Séan Kelly (Feisire Eorpach Fine Gael); Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidio na Gaeltachta); Míde Nic Fhionnlaoich (Oifigeach Leasa Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath); Cuán Ó Seireadáin (Coimeádaí le Conradh na Gaeilge); Una Ní Bhroiméal (Léachtóir le Stair Mheiriceá, Coláiste Mhuire Gan Smál Luimneach)
Thug an tAire Leanaí Roderic O'Gorman le fios inniu go bhfuil Daniel Mac Sweeney ceaptha ina Stiúrthóir ar an oifig a bhéas i mbun na tochailte san áit a mbíodh an t-áras máithreacha agus naíonán i dTuaim, Co. na Gaillimhe. É seo agus tuilleadh á phlé ag Eoin Ó Catháin ar pholaitíocht an lae.
Deireann tuarascáil lóistín nua ó Chumann Mac Léinn na hOllscoile atá bunaithe ar suirbhé go bhfuil nach mór dá thrian de mhic léinn ag Coláiste na hOllscoile Baile Átha Cliath nach bhfuil ag cónaí sa bhaile ag íoc breis is €750 in aghaidh na míosa ar cíos. Labhair Míde Nic Fhionnlaoich linn faoi seo.