Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite:
    Ar an gclár: Tomaí Rua Ó Conghaile, Aistritheoir sa Choimisiún Eorpach agus eagarthóir an fhéile Éigse na Bruiséile; Una O'Connor, Ard Rúnaíocht Comhairle an Aontas Eorpach; Kevin Lally, Comhairleoir Polaitiúil i bPairlimint na hEorpa; Áine Clarke, Oifigeach Polasaí in Ambasáid na hÉireann; Mícheál Ó Conchúir, Cathaoirleach ar Choiste na Réigiún
    50 min
  • Tús Áite: Neodracht/Polasaí Slándála
    Tá an cogadh san Úcráin tar éis formhór de thíortha an Aontas Eorpaigh a aontú ina gcuid tacaíochta don Úcráin agus tar éis deighlt mór a chruthú idir an tAontas agus an Rúis. Tá seo tar éis tús a chur in athuair le díospóireacht faoi neodracht na hÉireann.
    9 min
  • Tús Áite:
    Inniu ar an gclár: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey); Sinéad Mercier (Iníon léinn dochtúireachta); Saoirse Erin Ní Chuilleagáin; Síle Ní Chonceanainn
    48 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Thit an ráta boilscithe beagán an mhí seo - ó 7.7% go 7.2%, an leibhéal is ísle le bliain anuas. É sin ráite, tá méadú 20.7% tagtha ar phraghas tithíochta, uisce, leictreachais agus gáis, agus méadú 13.1% tagtha ar phraghas grósaera. Labhair Eoin Ó Catháin linn faoin méid seo.
    10 min
  • Tús Áite: Cás cúirte i gcoinne Trump
    Fuair Donald Trump deis cainte arís aréir le linn fhóram a reáchtáladh i Stát New Hampshire a d’eagraigh an craoltóir CNN. Bhí na ceisteanna á gcur ag Kaitlin Collins, ach ba mhór an dúshlán a bhí roimpi ó am go céile srian a chur ar an iar-Uachtarán. Phléigh Domhnall Ó Catháin an scéal seo linn.
    9 min
  • Tús Áite: An Bhrúiséil agus Éire Aontaithe
    Tháinig baill de dhiaspóra na hÉireann atá ag cur fúthú sa Bhruiséil le chéile le gairid chun grúpa nua a bhunú a bheadh mar aidhm acu institiúid an Aontais Eorpaigh a ullmhú le haghaidh reifreann ar Éire aontaithe. Labhair Saoirse Erin Ní Chuilleagáin ó BXL-Irish Unity linn faoin méid seo.
    6 min
  • Tús Áite: Ceant Eirgrid
    €86 in aghaidh na meigeavatuaire an meánphraghas a thuillfidh ceithre chomhlacht cumhachta chun leictreachas a ghiniúint ó fheirmeacha gaoithe eischósta. Sin a d’fhógair EirGrid, atá i gceannas ar eangach leictreachais na tíre, i diaidh cheant a bhí ar siúl inniu. Mhínigh Sinéad Mercier an scéal seo dúinn.
    10 min
  • Tús Áite
    Inniu ar an gclar: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais); Aengus Ó Snodaigh (TD le Sinn Féin); Malachi Ó Marcaigh (Tuairisceoir); Rob Ó Conchúir
    49 min