Tá iar-uachtarán Mheiriceá Donald Trump ar cuairt ar a Theach Ósta agus cúrsa gailf sa Dún Beag i gCo.an Chláir. Bhí Pj Kelly linn ar an chlár chun labhairt linn faoin gcuairt seo.
Tá sé curtha i leith na hÚcráine ag an Rúis go ndearna siad iarracht uachtarán na Rúise Vladamir Putin a fheallmharú le hionsaí dróin ar an gCreimlin aréir. Labhair Séamus Martin linn ar an gcláir faoi seo.
Labhair an gníomhaí pobail Donncha Ó hÉallaithe ag Cruinniú de Choiste Gaeilge an Oireachtais inniu áit a raibh plé leis an mBille um Údarás na Gaeltachta. Bhí Donnacha linn ar an chlár chun seo a phlé.
Dúírt an tAire Sláinte Stephen Donnelly go bhfuil scéim nua á phlé ag an Rialtas a ligfeadh do phoitigéirí cóir leighis a chur ar dhaoine le mion-easláinte. Bhí an poitigéir Ronan McCraith linn ar an chlár chun é seo a phlé.
Tá na póilíní i gCo.Ard Mhaca ag fiosrú eachtra inár tugadh drochíde seicteach do mháthair óg singil i mBaile an Lurgan. Bhí Antón Mac Cába á phlé seo ar an chlár.
Breis agus 330,000 duine aslonnaithe mar gheall ar an gcogaíocht sa tSúdáin dár leis na Náisiún Aontaithe. Gortaíodh breis agus 100 póilín agus gabhadh nach mór 300 duine de bharr foréigin le linn agóide sa bhFrainc. Na scéalta seo á phlé ar an bpainéal idirnáisiúnta.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta Raidió na Gaeltachta); Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael); Emmet Ryan (Iriseoir leis an Business Post); Antóin Mac Cába (Iriseoir); Ronan McCraith (Poitigéir i nDún Laoighre BÁC) Angus Lambkin (Comhordaitheoir Daonchairdis leis na Náisiún Aontaithe); Mícheál Ó hUanacháin (Údar & iar-iriseoir le RTÉ)
Mír siamsaíochta: Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Ed Sheeran ag canadh sa chúirt, Bluesky ina iomaitheoir do Twitter, ticéid do cheoldráma Hamilton ar díol agus Johnny Fean ó Horslips imithe ar shlí na fírinne