Bhí Ciarán ó Pronntaigh agus Clíona Kimber linn ar Súil Siar na Seachtaine ag féachaint siar ar na scéalta móra. Comóradh Aoine an Chéasta, Trump os comhair Cúirte, Tionól Saoránach ar Chailleadh na Bithéagsúlachta agus AirBnB ina measc.
Riail nua curtha i bhfeidhm ag an gCumann Lúthchleas Gael go bhfoilseofar painéal na foirne i lár an lae Dé hAoine roimh na cluichí. Cúige Laighean ag tabhairt aghaidh ar Leicester istoíche anocht san Aviva agus tuilleadh á phlé ag Cuán sa Mhír Spórt.
Dúirt oifigeach sinsireach in oifig an Uachtaráin Zelensky go mbeadh an Úcráin oscailte do chainteanna faoi thodhchaí an Chrimé dá n-éireodh le forsaí na hÚcráine dul chomh fada le teorainn an réigiún. An bhfuil gá breathnú arís ag pholasaí neodreachais na hÉirean?
Tá plean ag beirt bhall de na Daonlathaigh Sóisialta ar mac léinn dlí iad i gColáiste na hOllscoile Corcaigh chun dul I ngleic le fadhbanna Airbnb sa stát - go háirithe iad siúd nach bhfuil cead pleanála faighte acu.
Bhí agóídí ar fud na Fraince inniu i gcoinne leasuithe pinsean an rialtais tar éis gur theip ar chainteanna idir an chearcumainn agus an Príomh Aire. Bhí Emmanuel Macron ar cuairt chun na Síne inniu.
Tá an Tánaiste agus an tAire Gnóthaí Eachtracha Mícheál Martin i mBéal Feiriste i gcóir sraith cruinnithe inniu. Tá cruinnithe le ceanairí gnó, gaolta leo siúd a fuair bás sna trioblóidí agus póilíní ar an chlár oibre. Labhair Eoin Ó Catháin linn faoi seo.
Inniu: Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Peadar Ó Rathaille (Mac Léinn Dlí i UCC agus ball de na Daonlathaigh Soisialta); Dr. Bairbre Ní Chíosáin (Léachtóir in Ollscoil Toulouse); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Frank Reidy (Iar Cheannfoirt Airm); Edel Mhic Amhlaidh
Ostán sa Neidín nár cuireadh ar fáil mar lóistín teifeach. Féile ceardaíochta in Inis Díomáin ag lorg daoine a bhfuil ceird traidisiúnta ar a gcumas acu agus tuilleadh á phlé ar Mír na Meán áitiúl.
Clár nua - Téacs Taistil a bheas á chraoladh ar TG4 ag a 9.30i.n. ón 13ú Aibreán ar aghaidh mar aon leis An Timire a bhí á phlé ag Rónán Ó Muirthile ar Mhír na Meán inniu.