Shínigh Iarnróid Éireann agus Bord Soláthair an Leitreachais comhaontú chun comh-oibriú lena chéile ina bpleannana i gcóir tógraí gaoithe eischósta. Bhí Frank Allen linn ar an gclár chun seo a phlé.
An t-am seo bliain ó shin thrasnaigh fórsaí Rúiseacha an teorainnón tuaisceart, ón oirthear agus ón oirdheisceart. Bhí Séamus Martin agus Eoghan Ó Neachtain linn chun súil siar ar bhlian den gCogadh Úcráineach
Comóradh a dhéanamh um tráthnóna ar eachtra tragóideach a tharla sa Chabháin ceithre scór bliain ó shin. É seo agus tuilleadh scéalta á phlé ag Rob Ó Conchúir i Mír na Meán Áitiúl
Tá triúir fear gafa anois ag an PSNI faoi ionsaí lámhaigh a rinneadh ar phóilín sinsearach san Ómaí i gCo.Thír Eoghain aréir. Lámhach an Príomh-Chigire John Caldwell roinnt mhaith babhtaí agus tá bail chriticiúil ar san oispidéil. Bhí Ciarán Dunbar linn chun seo a phlé.
Tá cur agus cúiteamh i gcónaí ann faoin gcosc ar díshealhú, ar pléadh sa Dáil le linn díospóireacht na gceannairí innu. Bhí Eoin Ó Catháin linn leis an scéal is déanaí.
Inniu: Ciarán Dunbar (Iriseoir leis an Belfast Telegraph); Séamus Martin (Iar-comhfhreagraí an Irish Times i Moscó); Eoghan Ó Neachtain (Iar-Oifigeach Airm agus Comhairleoir Cumarsáide) Eoin Ó Catháin (Eagraí Polaitíochta RnaG); Frank Allen (Cathaoirleach Iarnróid Éireann & Cór Energy) Rob Ó Conchúir
Dheimnigh Róisín Shortall agus Catherine Murphy inniu go rabhadar ag eirí as mar comh-ceannairí na nDaonlathach Sóisialach. É seo agus ábhair faoi úsáid drugaí á phlé ag Eoin Ó Catháin inniu.
Labhair an Comhairleoir Eoin Ó Broin faoi fógra Róisín Shortall & Catherine Murphy ag éirí as. Bhí sé ag phlé freisin cé ar mhaith leis féin a bheith mar cheannaire.
Bhí Conall Ó Móráin linn inniu ag plé cúrsaí airgeadais. Bhí sé ag tuairisciú ar an t-eolas nua atá tagtha chun solas faoi AIB agus na fiacha a bhí ag an réalt CLG DJ Carey. Bhí sé ag tagairt freisin ar na ciorraithe postanna atá ag teacht i Google.
Beidh an Gaeilge i mbaol má thagann an Comhaontas Cuimsitheach Eacnamaíoch agus Trádála idir an tAontas Eorpach agus Ceanada i bhfeidhm. Sin a deirtear i dtuarascáil a leag Coiste Gaeilge agus Gaeltachta an Oireachtais ós comhair Thithe an Oireachtais inniu.