Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Tuairisc nua faoin téamh domhanda
    Tá teochtaí san Eoraip tar éis méadú breis is dhá oiread an meán domhanda, de réir thuairisc nua ón Eagraíocht Domhanda Meitéareolaíochta. Labhraímid faoi seo le Mícheál Ó Cinnéide (Iar-Stiúrthóir na Gníomhaireachta um Chaomhnú Comhshaoil).
    8 min
  • Tús Áite: Moill ar thoghchán Stormont
    Cháin Michelle O’Neill agus Jeffrey Donaldson an státrúnaí Chris Heaton Harris inniu mar nach bhfuil dáta á fhógairt aige do thoghchán sna sé chondae. Pléimid é seo le Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain) agus Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil i mBÁC Theas & Léachtóir san Eolaíocht Pholaitiúil, TCD).
    14 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Toghchán na Brasaíle caillte ag Bolsonaro, conspóid faoi Rúnaí Baile na Breataine Suella Braverman agus cásanna faoi idirdhealú dearfach i gCúirt Uachtarach Mheiriceá – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Colm Ó Néill (Abhcóide) agus Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach).
    15 min
  • Tús Áite: 1/11/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir Polaitíochta RnaG), Gearóid Ó Muilleoir (ón Sunday World agus Eagarthóir Seachtain), Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil), Peadar Ó Caomhánaigh (Iar-Mhéara BÁC Theas), Colm Ó Néill (Abhcóide), Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le stair Mheiriceá i gColáiste Mhuire gan Smál i Luimneach).
    48 min
  • Tús Áite: Boilsciú
    Tháinig méadú 9.5% ar bhoilsciú le bliain anuas dar leis an Innéacs Comhchuibhithe ar Phraghsanna do Thomhaltóirí. Labhraímid faoi seo le Conall Ó Móráin (Saineolaí airgeadais agus láithreoir an phodchraoladh That Great Business Show).
    6 min
  • Tús Áite: Cúrsaí Siamsaíochta
    Labhraímid le Conall Mac Dhonnagáin faoi Theach Scoile na dTaibhsí á eagrú ag Cultúrlann Uí Chanáin, ceiliúradh Oíche Shamhna i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Coiscéimeanna na Coille in Ard Mhacha agus Oireachtas na Samhna.
    5 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Rishi Sunak ina Phríomh Aire ar an mBreatain, easpa lóistín do theifigh, am oscailte ag athrú do chlubanna oíche agus díolúintí ón nGaeilge – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Dr Mícheál Ó Meachair (Taighdeoir le Fiontar & Scoil na Gaeilge, DCU) agus Réaltán Ní Leannáin (Scríbhneoir).
    19 min