Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Comhaontú pá réitithe leis an earnáil phoiblí, cosc ar dhíshealbhú á phlé ag an rialtas agus gníomh uile-Eorpach molta ag an Taoiseach don ghéarchéim fuinnimh – scéalta móra an lae le Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media).
    9 min
  • Tús Áite: 7/10/22
    Ar an gclár inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir le PA Media), Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey), Aodh Máirtín Ó Fearraigh (Iriseoir le RnaG), Sarah Murphy (Múinteoir Gaeilge ag CUS agus Institiúid an Oideachais), Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil), spóirt le Cuán Ó Flatharta agus siamsaíocht le Conall Mac Dhonnagáin.
    48 min
  • Tús Áite: Scéalta Spóirt
    Labhraímid le Cuán Ó Flatharta faoi chluiche ceannais Dhún na nGall i bpeil na bhfear, conas mar atá ag éirí leis na cúigí go dtí seo san RUC i rugbaí na bhfear agus foireann na hÉireann ag iarraidh an Corn Domhanda a bhaint amach i sacar na mban.
    5 min
  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Luach ró-ard ar thithe, u-chasadh Truss, cainteanna ar Phrótacal Thuaisceart Éireann agus díolúintí pléite ag Comhchoiste Oireachtais – pléimid príomhscéalta na seachtaine le Sarah Murphy (Múinteoir Gaeilge ag CUS agus Institiúid an Oideachais) agus Séin Ó Muineacháin (Comhairleoir Contae le Fianna Fáil & Léachtóir san Eolaíocht Pholaitiúil, TCD).
    18 min
  • Tús Áite: Armageddon núicléach
    Dúirt Joe Biden go bhfuil an baol go mbeadh léirscrios núicléach ann chomh hard anois is a bhí le linn ghéarchéim diúracáin Cúba in 1961. Pléimid é seo le Domhnall Ó Catháin (Abhcóide i New Jersey).
    4 min
  • Tús Áite: Margadh tithíochta le maolú
    Deir an ESRI go mbeidh maolú suntasach sa mhargadh tithíochta sna míonna amach romhainn ach nach féidir a rá fós an dtitfidh na praghsanna. Labhraímid faoi seo le Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, Ollscoil Teicneolaíochta Átha Cliath).
    9 min
  • Tús Áite: 6/10/22
    Inniu: Gráinne Ní Aodha (Tuairisceoir, PA Media), Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Seán Byrne (Iar-Léachtóir san Eacnamaíocht, TUD), Sinéad Crowley (Comhfhreagraí Ealaíon agus na Meán, RTÉ), Sorcha Ní Chéide (Múinteoir rince Ghaelaigh), Áine Ní Ghlinn (Laureate na nÓg) agus Concubhar Ó Liatháin (Iriseoir ón Corkman agus Seachtain).
    48 min