Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Óráid Uachtarán Zelenskyy le tithe an Oireachtais, conspóid faoi Phobal Roimh Bhrabús agus ról nua ag Dr Tony Holohan – scéalta móra an lae le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times).
    14 min
  • Tús Áite: Cead eagarthóireachta ar Twitter
    D’fhógair Twitter go bhfuil obair ar bun acu chun rogha a thabhairt do dhaoine giolcanna a chuireann siad in airde ar an árdán a chur in eagar. Pléimid é seo le Diarmaid Mac Mathúna (Saineolaí teicneolaíochta agus cumarsáide le Indiepics).
    10 min
  • Tús Áite: Óráid Zelenskyy
    Labhair Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelenskyy le tithe an Oireachtais ar maidin agus ghabh sé buíochas as ucht na tacaíochta atá Éire ag tabhairt don Úcráin. Pléimid é seo le Harry McGee (Comhfhreagraí polaitíochta an Irish Times), Fergus O'Dowd (TD le Fine Gael) agus Antóin Mac Unfraidh (Iar-thaidleoir).
    21 min
  • Tús Áite: Ceathrú dáileog den vacsaín
    Tá sé molta ag an gCoiste Comhairleach Náisiúnta um Imdhíonadh go dtabharfar an ceathrú dáileog den vacsáin i gcoinne Covid-19 do gach duine atá os cionn 65 bliain d'aois. Labhraímid faoi seo le Dr Ciarán Ó Fearraigh (Dochtúir teaghlaigh).
    5 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Bac ar ghual a cheannach ón Rúis, Von der Leyen agus Borrell le taisteal go Cív, Zelenskyy le labhairt leis an Oireachtas ach ní bheidh Ambasadóir na Rúise i láthair agus bunioncam d’ealaíontóirí seolta – scéalta móra an lae le hEoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    16 min
  • Tús Áite: Bunioncam d’ealaíontóirí
    Seoladh scéim phíolótach inniu le bunioncam de €325 sa tseachtain a thabhairt do 2,000 ealaíontóir. Labhraímid faoi seo le Caitríona Frost (Saorcheoltóir cnaguirlise) agus Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG).
    9 min
  • Tús Áite: Ceantair Réigiúnacha Sláinte
    Fuair an tAire Sláinte Stephen Donnelly beannacht ón rialtas lena phlean chun ceantair réigiúnacha sláinte a chur i bhfeidhm – seo ceann de bhunghnéithe chlár athchóirithe SláinteCare. Labhraímid faoi seo le hAnthony O'Connor (Dochtúir Comhairleach in Ospidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leigheas i gColáiste na Tríonóide).
    7 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Óráid Zelenskyy le Comhairle Slándála na Náisiún Aontaithe agus Orbán ina Phríomh Aire ar an Ungáir don cheathrú téarma – pléimid na príomhscéalta idirnáisiúnta le Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile sa Fhrainc) agus Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá, Coláiste Muire gan Smál).
    18 min
  • Tús Áite: 5/4/22
    Inniu: Eoin Ó Catháin (Tuairisceoir polaitíochta RnaG), Anthony O'Connor (Ollamh le Leigheas i gColáiste na Tríonóide), Barry Ward (Seanadóir le Fine Gael & Abhcóide), Caitríona Frost (Saorcheoltóir cnaguirlise), Dr Bairbre Ní Chiosáin (Léachtóir ollscoile sa Fhrainc) & Dr Úna Ní Bhroiméil (Léachtóir le Stair Mheiriceá, Coláiste Muire gan Smál).
    48 min