Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Preasócáid Volodymyr Zelensky le Micheál Martin
    Dúirt Uachtarán na hÚcráine Volodymyr Zelensky inniu go bhfuil cuideachtaí faoi smacht na Rúise i dtíortha Eorpacha arb é an t-aon aidhm atá acu ná obair a dhéanamh ar son na Rúise agus d’éiligh sé go ngearrfaí smachtbhannaí orthu. É seo á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    3 min
  • Tús Áite: SEAS 2026
    Bhí an ócáid abhcóideachta SEAS 2026 á reachtáil in Óstán Buswell’s i mBaile Átha Cliath inniu – is lá abhcóideachta é SEAS a eagraíonn Conradh na Gaeilge chun éilimh phobal na Gaeilge agus na Gaeltachta a chur os comhair na bpolaiteoirí agus lucht stocaireachta bailithe san ardchathair ó cheann ceann na tíre. Labhair ár dtuairisceoir Jack Basquille le roinnt dóibh siúd a bhí i láthair.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: An Painéal Idirnáisiúnta
    Srian ar shaorántacht ar bhonn breithe curtha ar ceal, SÁM agus an Iaráin, Crith talún Veniseála, agus an Rúis ag fulaingt. na scéalta á phlé ag Antóin Mac Unfraidh, Iar-Thaidhleoir, agus Angus Lambkin, Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Tús Áite: Treoirlínte pleanála nuafhoilsithe an Rialtais
    Laghdófar an tréimhse ar gá do Ghaeilgeoirí a bheith ina gcónaí i gceantar Gaeltachta chun cead pleanála a fháil sa limistéir áitiúil, á phlé le Conor McGuinness, Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge agus John Connolly, TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    18 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an Lae
    Na scéalta móra i bpolaitíocht an lae á phlé ag Cuan Ó Seireadáin, Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: 30 Meitheamh 2026
    Cuan Ó Seireadáin (Eagraí Polaitíochta RTÉ Raidió na Gaeltachta); Conor McGuinness (Teachta Dála Shinn Féin i bPort Láirge); John Connolly (TD Fianna Fáil do Ghaillimh Thiar, urlabhraí breisoideachais agus ardoideachais); Antóin Mac Unfraidh (Iar-Thaidhleoir); Angus Lambkin (Oibrí Daonchairdis Idirnáisiúnta).

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    47 min
  • Tús Áite: Óráid Andy Burnham
    Thug Andy Burnham a chéad óráid mhór ag díriú ar pholasaithet ó sheol sé a fheachtas chun bheith ina phríomh-aire. Pléann an painéal na mórphointí a luaigh sé san óraid.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Tús Áite: Dleachtanna ar Bhreosla
    Beidh ceannairí pháirtithe an rialtais ag cruinniú chun cinneadh a dhéanamh maidir leis na dleachtanna bhreosla a bhfuil deireadh á chur leo faoi dheireadh mí Iúil, agus a tógadh isteach i mí Aibreáin i nidadh na n-agóidí breosla.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    8 min
  • Tús Áite: SÁM 250
    Beidh Stáit Aontaithe Mheiriceá ag ceiliúradh 250 bliain ar an bhfód, Dé Sathairn seo chugainn, an 4ú Iúil, ag am a bhfuil an tír sáinnithe i gcoimhlint sa mheánoirthear agus níos easaontaithe ná mar a bhí le fada an lá sa bhaile.

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    22 min