Tús Áite

Tús Áite

By RTÉ Raidió na GaeltachtaNews
Download on the App Store

All Tús Áite episodes

  • Tús Áite: Súil Siar na Seachtaine
    Scéalta móra na seachtaine á bplé le Clodagh Ní Mhuirí, Comhairleoir cathrach BÁC le Fine Gael, agus Míde Nic Fhionnlaíoch, Ball de na Daonlathaigh Sóisialta. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    14 min
  • Tús Áite: Dónal Lunny imithe ar shlí na firinne

    Tá Dónal Lunny, Ceoltóir mór le rá a bhí mar bhall den ghrúpa Planxty, agus a bhí mar cheannródaí i saol an cheoil thradisiúnta i gcoitinne, imithe ar shlí na fírinne. Labhraíomar le Paddy Glackin, fidléir, ball bunaidh de The Bothy Band, agus le Macdara Ó Faoláin, ceoltóir traidisiúnta bouzuki a bhí ag seinm le Dónal Lunny le déanaí. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    13 min
  • Tús Áite: Seoladh leabhair - 'An Saol Bocht'

    Tá an chéad bheathaisnéis mór ar Flann O’Brien nó Myles na gCopaleen nó Brian Ó Nualláin le tríocha bliain anuas á sheoladh ag ionad ollscoil Notre Dame i mBaile Átha Cliath um thráthnóna. Tá Brian Ó Conchubhair, údar agus Ollamh le Teanga agus Litríocht na Gaeilge in Ollscoil Notre Dame, linn ar an gclár chun é a phlé.


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    9 min
  • Tús Áite: El Niño

    Is feiniméan aimsire é El Niño ina n-éiríonn uiscí dromchla an Aigéin Chiúin níos teo ná mar is gnách, rud a mbíonn tionchar aige ar phatrúin aimsire ar fud an domhain.  Táthar ag súil leis an mbuaicphointe i mí na Nollag. Seo tuairisc ag Cearbhall Ó Síocháin ar an eachtra aeráide agus an tionchar a d’fhéadfadh a bheith aige orainn. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: Múinteoirí Thar Lear

    Labhair muid faoi thaithí mhúinteoirí thar learr, coinníollacha, agus an aighneas pá sa bhaile le beirt a thóg an chinneadh fágáil, Áine Ní hEósa, Múinteoir bunscoile as Corcaigh, Perth, agus Eva Ní Dhoibhleann, Múinteoir bunscoile as Gaoth Dobhair, Aontas na nÉimíríochtaí Arabacha. 



    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    12 min
  • Tús Áite: Liostaí Feithimh

    D'fhág níos mó ná 70,000 duine na ranna éigeandála ospidéil gan fanacht, nó d'fhág siad sular críochnaíodh a cóir leighis, le linn na chéad seacht mí den bhliain seo, de réir figiúirí nua. Phléamar é le Dr. Anthony O'Connor, Dochtúir Comhairleach in Oispidéal Thamhlachta agus Ollamh le Leighis i gColáiste na Trionóide.    

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    6 min
  • Tús Áite: Polaitíocht an lae

    Scéalta móra polaitíochta na lae á bplé le Donncha Ó Murchú, Comhfhreagraí Polaitíochta Nuachta RTÉ/TG4. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min
  • Tús Áite: Mír na Meán

    Súil á chaitheamh ar cad atá sna meáin, idir Theilifís, Raidió, Litríocht, agus eile! Inniu bhí dhá chláir á phlé, 'Glúin an tSosa Cogaidh' agus 'Ceol 1798', an dá cheann ar TG4 agus Rob Ó Conchúir inár dteannta chun iad a phlé. 


    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    10 min
  • Tús Áite: Gaeloideachas agus Stailc na nAturnaetha le Barry Ward

    Bhí TD d'Fhine Gael Barry Ward ag tagairt do líomhaint an Aire go raibh dlíodóirí cosanta tar éis díriú isteach go sonrach ar chásanna éignithe chun bac a chur orthu mar chuid dá n-aighneas faoi íocaíochtaí agus dúirt sé go raibh an méid a dúirt an tAire mhífhéaráilte agus gur chóir dó é a tharraing siar. Labhair muid leis an fear féin maidir leis an gceist seo. 

    See omnystudio.com/listener for privacy information.

    7 min