jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2zjnm7ev
Conservationists demanding the Lynx, farmers against it.
Lucht caomhnaithe ag éileamh an Lynx,feirmeoirí ina choinne.
Conservationists are demanding that the wild cat known as the Lynx be reintroduced in this country in order to control the number of deer.
Tá lucht caomhnaithe ag éileamh go ndéanfaí athbhunú sa tír seo ar an gcat fiáin ar a dtugtar an Lynx ar mhaithe le smacht a choimead ar líon na bhfianna.
Farmers are very much against the policy.
Tá feirmeoirí go mór i gcoinne an bheartais.
It is widely accepted that deer are causing significant damage to native forests.
Glactar leis go forleathan go bhfuil díobháil mhór á dhéanamh ag fianna do choillte dúchasacha.
However, farmers say they will oppose this attempt to reintroduce the Lynx, on the grounds that, in their opinion, the wild cat would attack their livestock.
Deir feirmeoirí áfach go gcuirfidh siad in aghaidh na hiarrachta seo maidir le hathbhunú an Lynx, ar an mbonn go ndéanfadh an cat fiáin sin slad, dar leo, ar a gcuid beostoic.
According to them, the Lynx would not only live on deer, but that it could also look for sheep and other farm animals for its meal.
Dar leo nach ar fhianna amháin a mhairfeadh an Lynx, ach go bhféadfadh sé caoirigh agus ainmhithe feirme nach iad a lorg freisin dá bhéile.
It is estimated that it has been over 1,300 years since the Lynx was last in Ireland.
Meastar go bhfuil ós cionn 1,300 bliain ann ó bhí an Lynx in Éirinn go deiridh.
Archaeological evidence has been found - bones in caves - and there is a strong echo of the wildcat in place names and in the storytelling tradition, where there are accounts of feral cats protecting underground courtyards and caves.
Tá fianaise seandálaiochta aimsithe - cnámha in uaimheanna - agus tá macalla láidir don gcat fiain le fáil i logainmneacha agus sa traidisiún scéalaíochta, áit a mbíonn cuntaisí ar chait allta agus iad ag cosaint liosanna agus uaimheanna faoi thalamh.
The wild cat Lynx
An cat fiáin Lynx