jQuery(document).ready(function(){ cab.clickify(); });
Original Podcast with clickable words
https://tinyurl.com/2mhfs28q
Ban on the Irish language in prisons in England.
Cosc ar an Ghaeilge i bpríosúin i Sasana.
State Documents: The right to speak Irish in British prisons is a matter of dispute A Republican prisoner in England was given permission to speak Irish in the mid-nineties after the Irish Government and the Tánaiste, Dick Spring, in particular, negotiated on his behalf .
Cáipéisí Stáit: Ceart Gaeilge a labhairt i bpríosúin na Breataine ina ábhar aighnis Tugadh cead cainte i nGaeilge do phríosúnach Poblachtánach i Sasana i lár na nóchaidí i ndiaidh do Rialtas na hÉireann agus an Tánaiste, Dick Spring, go háirithe, idirbheartaíocht a dhéanamh ar a shon.
Secret state documents show that the Government insisted that the authorities in Full Sutton Prison in Yorkshire were violating the human rights of Féilim Uí Adhmaill when he was refused permission to have a conversation in Irish with his wife and family.
Léiríonn cáipéisí rúnda an stáit gur áitigh an Rialtas go raibh sárú á dhéanamh ag na húdaráis i bPríosún Full Sutton in Yorkshire ar chearta daonna Fhéilim Uí Adhmaill nuair a diúltaíodh cead dó comhrá i nGaeilge a bheith aige lena bhean chéile agus lena theaghlach.
His wife, Mairéad Uí Adhmaill, and Conradh na Gaeilge lobbied hard on his behalf and Tánaiste Dick Spring, the Irish Embassy in London, the lawyer Gareth Peirce and Cardinal Cahal Daly took an active role in the case.
Bhí dianstocaireacht ar bun ag a bhean chéile, Mairéad Uí Adhmaill, agus ag Conradh na Gaeilge ar a shon agus ghlac an Tánaiste Dick Spring, Ambasáid na hÉireann i Londain, an dlíodóir Gareth Peirce agus an Cairdinéal Cahal Daly ról gníomhach sa chás.
Dr Féilim Ó Adhmaill was convicted in November 1994 of conspiracy to explode bombs.
Ciontaíodh an Dr Féilim Ó hAdhmaill i mí na Samhna 1994 as comhcheilg chun buamaí a phléascadh.
He was sentenced to 25 years in prison.
Gearradh téarma 25 bliain sa phríosún air.
Dr Ó Adhmaill was a lecturer at Lancaster University at the time.
Bhí an Dr Ó hAdhmaill ina léachtóir in Ollscoil Lancaster ag an am.
He was caught in a garage near Wakefield, Yorkshire with 17kg of Semtex in his car.
Beireadh air i ngaráiste in aice le Wakefield, Yorkshire agus 17kg de Semtex ina charr.
The problems with the use of Irish began when Dr Ó Adhmaill was remanded in Belmarsh Prison.
Thosaigh na fadhbanna le húsáid na Gaeilge nuair a bhí an Dr Ó hAdhmaill ar athchur i bPríosún Belmarsh.
He was complaining that he had not received any letter that his wife had written to him and that he was not allowed to have a telephone conversation in Irish.
Bhí sé ag gearán nach bhfuair sé aon litir a scríobh a bhean chéile chuige agus nach raibh cead aige comhrá teileafóin a bheith aige i nGaeilge.
The Department of Foreign Affairs asked the Irish Embassy in London to investigate the matter.
D'iarr an Roinn Gnóthaí Eachtracha ar Ambasáid na hÉireann i Londain an scéal a fhiosrú.
The British Home Affairs Office told an executive from the Embassy on 29 March 1994: "It is the usual procedure that category A prisoners are expected to conduct visits and telephone calls in English.
D'inis Oifig Gnóthaí Baile na Breataine d'fheidhmeannach ón Ambasáid ar an 29 Márta 1994: "It is the usual procedure that category A prisoners are expected to conduct visits and telephone calls in English.
If it is not possible for the prisoner to use English, the visit and telephone call can take place in another language provided the visits and telephone calls are monitored."
If it is not possible for the prisoner to use English, the visit and telephone call can take place in another language provided the visits and telephone...