An Sruthán

An Sruthán

Download on the App Store

An Sruthán episodes

  • Teacht Slán le Proinsias Mac a' Bhaird
    Tá scéal cumhachtach ó Phroinsias Mac a’ Bhaird againn daoibh an mhí seo, á léamh ag Aodán Ó Cearbhaill agus á chur i láthair ag Réaltán Ní Leannáin.

    Sa scéal seo, déanann iascaire óg a dhícheall a theacht chun réitigh le heachtraí tromchúiseacha a thiteann amach ina shaol, eachtraí b’fhéidir a tharla de bharr a chuid aicsin nó a easpa aicsin féin.
    46 min
  • Díoltas na Coilleadh le Seanán Mac Aoidh
    Is í Suzanne Uí Ghallchóir atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Díoltas na Coilleadh' le Seanán Mac Aoidh. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.
    33 min
  • Bréaga - le hIarla Mac Aodha Bhuí
    Is í Marina Nic Giolla Bhríde atá linn san eagrán seo agus í ag léamh an scéil 'Bréaga' le hIarla Mac Aodha Bhuí. Déanann sí féin agus Réaltán Ní Leannáin an scéal a phlé ina dhiaidh i gcomhrá bríomhar suimiúil.

    Is scríbhneoir bisiúil é Iarla Mac Aodha Bhuí. Tá idir ghearrscéalta, ailt, úrscéal nó dhó, leabhair eachtraíochta do dhaoine óga, léirmheastóireacht agus aistriúcháin scríofa aige thar na blianta. Is scéal nua-aimsire é 'Bréaga' ina bhfuil neart uisce faoi thalamh ann a thugann spás don léitheoir na bearnaí a líonadh isteach.
    31 min

About An Sruthán

From the publisher's feed

Is sruth podchraoltaí é An Sruthán, áit a mbeidh na podchraoltaí agus na taifeadtaí go léir a chraolann Éabhlóid ar fáil go lárnach.
  • Bláth na dTulach - podchraoladh faoin…