Tá an triúr ag caint ar na cúiseanna go bhfuil seanamhrán de chuid Lana Del Rey ar ais sna cairteacha agus í ag trácht ar 'summertime sadness', 'bhfuil a leithéid de rud ann?!
Tháinig an triúr le chéile leis an bpodchraoladh a cheiliúradh i gcomhthéacs saothar Orwell, 1984 ach mar a tharlaíonn sé, níl siad go maith ag comhaireamh!
Tá Áine, Sinéad agus Siún ag caint ar an deireadh seachtaine a chaith siad ag Féile na Gealaí agus cén chaoi a dtagann siad anuas ón gcraic agus ón gcomhluadar ar fad.
Bhí mná Bheo ar Éigean ó dheas ar cuairt i nDaingean Uí Chúis d'Fhéile na Bealtaine agus bhí an craoltóir Sláine Ní Chathalláin as Corca Dhuibhne ina dteannta ag roinnt cuimhní agus craic leo ann.