Tháinig Beo ar Éigean le chéile ag an Oireachtas agus ní raibh siad ina n-aonair- i measc na n-aíonna craiceáilte tá Edel Ní Loibhéad, Róise Nic Corraidh, Eoghan Ó Loideáin, Sláine Ní Chathalláin agus Breanndán Ó Beaglaíoch!
Labhair Áine, Sinéad agus Siún faoi choincheap na hoibre- an bhfuil sé athraithe? Agus an bhfuil míthuiscint ann maidir le hobair chraoltóireachta ach go háirithe!
Labhair Áine, Sinéad agus Siún leis an amhránaí, ceoltóir agus láithreoir, Muireann Nic Amhlaoibh. Phléigh siad a saol mar cheoltóir, pobal na Gaeltachta agus cúrsaí féiniúlachta i measc go leor eile!
D'fhill Sinéad, Siún agus Áine ar an stiúideo agus labhair siad faoi chearta daonna, faoi chearta sibhialta, faoi mhná agus a gcearta agus faoin ngrá buan atá go fóill ag Áine do Vincent Browne!
Chuaigh an triúr go Electric Picnic agus thaifead siad a gcéad eagrán os comhair slua! D'éirigh leo comhluadar an fhile, Ciara Ní É a fháil mar aoi speisialta faoi mhisneach agus craic an tsaoil!
Chuaigh an triúr chomh fada le Béal Feirste, go stiúideo Raidió Fáilte áit ar labhair siad le hEdel Ní Churraoin agus Hannah Rua Ní Bhaoill faoin gcraic i mBéal Feirste agus faoina gcairdeas!