Don chéad uair, chuaigh an triúr ar an mbóthar go Droichead Átha áit a raibh Fleadh Cheoil na hÉireann ar siúl. Bhuail láithreoir FleadhTV, ceoltóir agus bean mhire, Doireann Ní Ghlacáin isteach orthu agus bhí craic iontach acu le chéile.
An bhfuil Áine, Siún agus Sinéad ag maireachtáil ina gcomfort zone? An bhfuil sé in am againn aghaidh a thabhairt ar na hathruithe beaga a dhéanann difear mór dúinn?
Thosaigh an triúr ag caint maidir lena nósanna atá acu stuif a chaitheamh amach nó a choinneáil.. ach níor fhan iad i bhfad ar an ábhar sin.. ceann deas giodalach!
D'fhill Sinéad ó laethanta saoire i Londain, Shasana agus tá an triúr ag caint faoina cosúlachtaí agus difríochta idir an dá thír san eagrán seo. Agus, cé acu a bhfuil eolas cuimsitheach ar an dteaghlach ríoga?!
Bhí Áine agus Siún ag Scoil Samhraidh Willie Clancy i gContae an Chláir cé nach bhfuil oiread agus nóta acu, bhaineadar craic iontach as an gcúpla lá i measc phlúr na gceoltóirí
An tseachtain seo, tá an triúr ag caint le hAli Spillane, iriseoir óg, 21 bliain d'aois faoina saol agus faoi na hathruithe atá tagtha ar shaol an duine óig, má tá athrú ar bith ann!
Tá an triúr ar ais i dteannta a chéile tar éis deireadh seachtaine a chaitheamh ag Féile na Gealaí i gContae na Mí. Don eagrán speisialta seo, tá Bláthnaid Ní Chofaigh in éindí leo ag caint ar an gcraic agus ar an gcomhluadar a bhí acu.
Arbh fhiú do Kim Kardashian cuairt a thabhairt ar an Teach Bán? Áine agus Siún ar an spéis agus nó an easpa spéise atá ag daoine (iad siúd ina measc) i gcúrsaí reatha.