Tá Áine agus Siún ag caint faoi fhaisean na bhfear, faoi chultacha atá faoi thionchar Conor Mc Gregor, double denim agus na fir ar ceannródaithe iad i gcúrsaí faisin.
An uair seo, tá Áine agus Siún ag caint ar léimeanna móra an tsaoil agus cén chaoi le dul i ngleic leo. An bhfuil muid róchoimeádach?dá mbeadh deis amháin agat, cén léim a dhéanfá?
An bhfuil cur amach againn ar Kendrick Lamar, Dualipa agus Cardi B? Mura bhfuil, cad is brí leis? Labhrann Sinéad, Áine agus Siún faoi chultúr na n-óg, idir fhaisean, cheol, smideadh agus fo-éadaí Rihanna...
An tseachtain seo, tá na mná ag caint ar chúrsaí creidimh- an bhfreastalaíonn muid ar an aifeann? An bhfuil creideamh againn, fiú mura bhfreastalaíonn muid ar an aifreann? An bpósfá i seipéal mura gcreideann tú san Eaglais?
Labhrann Siún, Áine agus Sinéad faoi thuras a thabharfaidh Áine agus Siún sa Spáinn go luath agus an chaoi a ndéanann siad cinneadh, idir cinneadh ciallmhar agus cinneadh seafóideach.
Nuair a thagann sé chuig íomhá, féiniúlacht agus bainistiú na nithe sin, an bhfuil muid róchoinsiasach nó coinsiasach go leor faoin méid a fhoilsíonn muid?
Pléann Áine, Siún agus Sinéad séasúr na bhféilte, tá an triúr ag súil le freastal ar Fhéile na Gealaí i mí an Mheithimh i gContae na Mí. Ar chúis éigin, bhog an comhrá ar aghaidh go réalta Fair City... cá bhfios cén fáth..
Labhrann Áine, Siún agus Sinéad faoi na dúshláin atá le sárú anois ag an sochaí, áit a bhfuil athscrúdú á dhéanamh againn ar chead, ar thoil agus gach a bhaineann leis.