Gheall Siún agus Sinéad go n-éireóidís as an ól do mhí Mheán Fómhair, éist leo ag caint faoin taithí a bhí acu. Agus, chéad phóg an triúir... fan go gcloisfidh sibh!
An mar a chéile an brú a bhraitheann Áine, Siún nó Sinéad? Mar is dual dóibh, tugann an triúr faoin ábhar seo le tuairimí éagsúla, ionraice agus feith an ghrinn.
Airgead, bun agus barr fadhbanna an tsaoil dar le cuid.. Labhair Áine, Siún agus Sinéad faoin meon atá acu maidir le hairgead agus cad air a chaitheann siad airgead air.
As an triúr acu, tá duine amháin acu i ngrá le huaigneas an tuath, tá duine ina 'townie' agus tá duine eile idir an dá áit. Éist leis an bplé a rinne Sinéad, Siún agus Áine ar an gcathair agus an tuath!
Ar shíl tú go mbeifeá i do dhochtúir, i do mhúinteoir nó i do cheoltóir nuair a bhí i do pháiste? Tá Sinéad, Siún agus Áine ag smaoineamh siar na poist a shíl siad a bhí uathu agus atá uathu anois!
An féidir leat a rá gur duine le Gaeilge thú murar chaith tú oíche go moch maidine i gclub Chonradh na Gaeilge? Ar shínigh tú an leabhar? An ndearna tú rince ar tábla? An bhfuair tú shift ann?