Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is é seo Blúirín Nuachta an lae inniu ó Pharlaimint na hEorpa. Bí ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú sa Pharlaimint taobh istigh de thrí nóiméad gach lá ó Luan go hAoine.Is féidir éisteacht le tuille... more
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.
May 28, 2025Blúiríní Nuachta – 28/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá toscaireacht ón gCoiste Slándála agus Cosanta san Iorua le haghaidh cainteanna maidir le bagairtí slándála na Rúise; tugann Feisirí ón gCoiste Speisialta um an Sciath um an Daonlathas Eorpach a gcuairt sa Mholdóiv chun críche inniu; beidh toscaireacht ón gCoiste Cultúir agus Oideachais in Los Angeles go dtí amárach chun bualadh le cumainn éagsúla tionscail scannánaíochta....more2minPlay
May 27, 2025Blúiríní Nuachta – 27/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá toscaireacht ón gCoiste um Thrádáil Idirnáisiúnta in Washington DC chun an caidreamh polaitiúil, trádála agus infheistíochta idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe a phlé; tá toscaireacht ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta, um Cheartas agus um Ghnóthaí Baile sna hOileáin Chanáracha chun foghlaim faoi dhúshláin an oileáin agus líon méadaithe imirceach a bhainistiú acu; tá Feisirí ón gCoiste Speisialta um Ghéarchéim Tithíochta san Aontas in Barcelona chun eolas a bhailiú faoin dóigh a bhfuil an chathair ag tabhairt aghaidh ar a saincheisteanna tithíochta....more2minPlay
May 26, 2025Blúiríní Nuachta – 26/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tacaíonn an Pharlaimint le plean an Choimisiúin chun sásra coigeartaithe teorann carbóin an Aontais a shimpliú; cheadaigh na Feisirí taraifí nua ar leasacháin agus ar tháirgí talmhaíochta na Rúise agus na Bealarúise; tugann Feisirí Gnóthaí Eachtracha cuairt ar Mheiriceá Laidineach chun Mercosur agus an gheopholaitíocht a phlé....more2minPlay
May 23, 2025Blúiríní Nuachta – 23/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: i seisiún iomlánach na Parlaiminte, phléigh na Feisirí freagra an Aontais ar phlean Iosrael Gaza a urghabháil; an tionscnamh, ar a dtugtar “Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht” agus an cúigiú heagrán de Dhuais Daphne Caruana don Iriseoireacht....more3minPlay
May 22, 2025Blúiríní Nuachta – 22/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: Tugann Feisirí ón gCoiste um Shaoirsí Sibhialta rabhadh go bhfuil an smacht reachta san Aontas i mbaol fós; tá margadh ag an bParlaimint agus ag an gComhairle chun comhairliúchán oibrithe a fheabhsú maidir le cúrsaí trasnáisiúnta; Tabharfaidh an tUachtarán Metsola cuairt ar na Stáit Aontaithe do Thionól Parlaiminteach ECAT....more3minPlay
May 21, 2025Blúiríní Nuachta – 21/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint córas Isteach-Amach nua de chuid an Aontais ar mhaithe leis an tSlándáil ar Theorainneacha; comhaontú sroichte ag na Feisirí agus an Chomhairle ar €4 bhilliún de chabhair airgeadais don Éigipt; beidh díospóireacht ag an bParlaimint ar an tionscnamh ‘Roghnaigh an Eoraip don Eolaíocht’....more2minPlay
May 20, 2025Blúiríní Nuachta – 20/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: cuirfear tús le suí iomlánach nua sa Bhruiséil amárach. Tá an méid seo a leanas ar an gclár oibre: an staid sa Mheánoirthear, an togra chun deireadh a chur de réir a chéile le hallmhairí fuinnimh ón Rúis, agus an cúigiú heagrán de Dhuais Daphne Caruana Galizia don Iriseoireacht....more2minPlay
May 19, 2025Blúiríní Nuachta – 19/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá toscaireacht ón bhFochoiste um Chearta an Duine sa Ghinéiv; tá tacaíocht tugtha ag na Feisirí do tharaifí nua ar earraí talmhaíochta na Rúise agus na Bealarúise; pléifidh an gCoiste um Shaoirsí Sibhialta leis an gCoimisinéir McGrath an daonlathas agus éagsúlacht cead cainte a chosaint....more2minPlay
May 16, 2025Blúiríní Nuachta – 16/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: éisteacht phoiblí ar an gcaidreamh polaitiúil idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá; pacáiste Ródacmhainneachta an Choimisiúin; éisteacht ar an dlí daonnúil agus cearta an duine i gcriosanna coimhlinte agus i gcomhthéacs leochaileach....more2minPlay
May 15, 2025Blúiríní Nuachta – 15/05/2025 – GaeilgeSracfhéachaint: tá an Coiste um Thionscal, um Thaighde agus um Fhuinneamh ag lorg breis comhordaithe agus athléimneachta in eangach leictreachais na hEorpa; tacaíonn an Coiste um an gComhshaol le tograí chun ionstraim sceitheadh carbóin an Aontais a shimpliú; iarrann an tUachtarán Metsola go n-athsheolfaí an Eoraip mar chumhacht dhomhanda....more3minPlay
FAQs about Blúiríní Nuachta:How many episodes does Blúiríní Nuachta have?The podcast currently has 680 episodes available.