Labhraíonn Barra, Aindriú agus Seán faoin bhfearúlacht tocsaineach, a dtaithí féin leis, agus conas ár gcórais agus nósanna a athrú chun dul i ngleic leis.
Labhraíonn Seán, Féilim agus Aindriú faoin gcóras polaitíochta, ionadaíocht, agus na céimeanna atá le tógáil chun cothromaíocht a bhaint amach do chách
Ceistítear go minic na himpleachtaí atá ann do mná i sochaí patrarcachta, ach labhraíonn Cian, Seán agus Tadhg faoin bpatrarcacht agus an tionchar a bhíonn aici ar fhir chomh maith, agus na bealaí caolchúiseacha a mbíonn muid uilig faoi smacht aici.
Labhraíonn Cian, Kevin agus Conor faoin bhféiníomhá, caighdeáin áilleachta, brú ón tsochaí, agus cáineadh míréasúnta sna meáin - an "dad bod" a cuireadh i leith Zac Efron ina measc #Bothán
Sa gcéad eagrán seo, labhraíonn Cóilín, Ruairí agus Conor ar chomhionannas ar an raidió agus tuairisc le Linda Coogan mar gheall ar líon na mban ar chairteacha ceoil na hÉireann
29 min
About Bothán na bhFear
From the publisher's feed
Clár nua cainte ar a labhraionn painéal d'fhir ar aoiseanna agus ó chúlraí éagsúla ar réimse leathain ábhar, go háirithe na topaicí nach mbíonn idir chamáin ag fir go minic!