
Sign up to save your podcasts
Or


Insíonn Ainle agus Stephen dúinn faoin tiomsú airgid ar thug siad faoi agus iad ag rothaíocht timpeall na hÉireann chun airgead a bhailiú do theaghlaigh in Gaza. Roineann Nuala a comhairle linn fosta chun tacú agus dlúthpháirtíocht a léiriú leis na pobail mhionlaithe i bhfianaise na n-ionsaithe suaracha atá ag titim amach le seachtainí beaga anuas.
Roineann an gníomhaí pobail aitheanta, Fergus O'Hare, a bharúil agus a chomhairle le duine ar bith a bhfuil baint acu leis an mhórshluaiseacht dlúthpháirtíochta, mar aon le scoth an amhráin ar an eagrán speisialta seo.
Déanann Nuala Ní Scolláin cur síos ar chúlra agus aidhmeanna an ghrúpa feachtasaíochta aitheanta, 'Mothers Against Genocide' agus roineann sí dán pearsanta dá cuid a scríobh sí in ómós do Matt Lundy. Cluinimid fosta ó Stephen Loughran agus é lárnach i bhfeachtasaíocht le Cairde Palestine.
San eagrán seo, tugann Ainle Ó Cairealláin léargas ar a chuid oibre le hAclaí Palestine, mar aon leis na fáthanna ar bunaíodh an giom. Chomh maith leis seo, cluinimid scoth an phlé agus an amhráin ó Mhiadhachlughain O'Donnell.
Plé-phainéal le Cuisle Nic Liam, Gearóidín Nic Mhathúna, Brónagh Fusco, Eimear Nic Ionnrachtaigh agus Caoimhe Nic Cú Uladh.
San eagrán seo, cluinimid ó Orliath Mhic Leannáin, stiúrthóir ar Fhóram na nÓg, an Eagraíocht Ionadaíoch Réigiúnach Óige (EIRÓ) don earnáil óige Ghaeilge ó thuaidh. Tugann Orliath léargas ar a taithí féin ag obair san earnáil óige, mar aon le léargas ar na dúshláin a bhíonn fós le sárú ag an earnáil óige Ghaeilge, go háirithe in éagmais reachtaíochta don Ghaeilge.
This week, we are joined by Máirtín and Seph, parents of young Dáithí Mac Gabhann, a 5 year old boy who has been waiting on the gift of a new heart for over 3 years now. They give an honest insight into the challenges and triumphs they have faced during their #Donate4Dáithí campaign, and touch on how they have sought to normalise the talk around organ donation.
In this week's podcast, we are joined by Eimear, campaigns officer with An Cumann Gaelach QUB, as she gives an insight into the society's ongoing fight for Irish language rights on Queen's campus through the student-led #ComharthaíochtAnois (#BilingualSignageNow) campaign.
San eagrán seo, roineann Pádraig a shaineolas ar an scannal Líofa agus an tionchar a bhí aige seo ar dhul chun cinn an fheachtais #AchtAnois idir 2017-2020, mar aon leis an bhuntáiste feachtasaíochta a bhí ag an Dream Dearg le linn a bhfeachtas #SeasAnFód.
San eagrán seo, labhraíonn Gráinne faoi na fáthanna agus na dóigheanna ar chuir sí féin suim i bhfeachtasaíocht an Dream Dearg, an smaointeoireacht a bhí taobh thiar de bhrandáil an ghrúpa agus na buaic-chuimhní a d’fhan léi thar na mblianta
From the publisher's feed