Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
February 08, 2022Clár 328 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhraíomar le Tadhg Ó Meachair ón mbanna ceoil Goitse linn faoina gcamchuairt timpeall ar na Stáit Aontaithe go luath, ceol an bhanna agus dúshláin toisc Covid-19. Chomh maith leis sin chualamar amhrán a tháinig amach ar Lá le Bríde, dar teideal Imbolc....more26minPlay
February 01, 2022Clár 327 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo, bhí Alan Da Silva ag labhairt linn ón mBrasaíl faoina chuid staidéir agus oibre. Chomh maith leis sin bhí Seán Breathnach ag labhairt linn faoina scannán Foscadh atá á thaispeáint mar chuid d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh agus a chúlra sa scannánaíocht....more28minPlay
January 25, 2022Clár 326 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Diarmaid Ó Maolagáin linn agus é ag insint dúinn faoin ngrúpa Gaeltacht an Oileáin Úir i Tamworth Ceanada. Chomh maith leis sin bhí Don O'Mahoney, Cláraitheoir Sinsearach d'Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Corcaigh linn ag labhairt faoin bhFéile....more25minPlay
January 18, 2022Clár 325 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Derek Ó Briain linn faoi chúrsaí Gaelchultur agus deiseanna do mhúinteoirí lasmuigh d'Éirinn bheith ag teagasc leis an eagraíocht . Chomh maith leis sin beidh bhí Seán Romansic ag labhairt linn faoina shaol thall i gCalifornia na Stát Aontaithe agus a iníon á tógáil aige le Gaeilge ann....more30minPlay
January 11, 2022Clár 324 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Tomaí Ó Conghaile linn faoin deireadh a tháinig le maolú na Gaeilge san Aontas Eorpach ag tús na bliana, agus stádas iomlán mar theanga oifigiúil san AE aici anois....more25minPlay
December 14, 2021Clár 323 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Eithne Dunbar ag labhairt linn faoina grúpa Gael i gCeanada agus an imeacht spéisiúil "Saíocht" a bhí ar siúl i gCeanada le déanaí agus chualamar cuid dá ceol féin ar an gclár. Chomh maith leis sin bhí Michaíl Caisianóbh ag labhairt linn ó Mhoscó na Rúise faoina thaithí féin leis an nGaeilge, fotheidil ar scannáin agus cartúin Gaeilge agus go leor eile....more31minPlay
December 07, 2021Clár 322 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Stiofáinín Nic Cárthaigh agus Caitríona Ní Chonaola ag labhairt linn faoin gceardlann amhránaíochta ar an sean-nós a bhí ar siúl ag an ngrúpa, An Ghaeltacht Sur Seine i bPáras na Fraince le gairid. Chomh maith leis sin labhair Nicola Lavelle linn faoina leabhar nuafhoilsithe Glór ar Inis Gluaire!...more22minPlay
November 30, 2021Clár 321 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhraíomar le Mícheál Ó Conghaile faoin imeacht seo ar líne "Muintir na Gaeltachta in Éirinn agus na Maoraigh sa Nua-Shéalainn" a bhí ar siúl an tseachtain seo caite. Chomh maith leis sin d'éisteamar siar le hagallamh ón uair seo anuraidh a rinne mé le Dan McWilliams, a bhí ag teagasc daltaí in Alberta Ceanada, ag an am mar chuid den chlár ICUF, ó Bhéal Feirste faoin teagasc agus faoin cíbearghaeltacht, Trasna na dTonnta a bheas ar siúl arís an tseachtain seo chugainn i mbliana.!...more30minPlay
November 23, 2021Clár 320 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo, labhraíomar le Barry Ó Séanáin, a oibríonn ar chúrsaí forbartha agus seachtracha le hIonad na nEalaíon Gaelaigh i gCathair Nua Eabhrac agus é ag labhairt linn faoi athoscailt foirgneamh nua an Ionaid mí na Nollag agus na féidearthachtaí nua a bheidh ann don phobal Gaelach sa chathair leis. Labhróidh sé faoin bhFéile is mó Gaelach a bheas acu freisin agus na himeachtaí éagsúla atá ar an gclár do na míonna amach romhainn!...more27minPlay
November 16, 2021Clár 319 - 2021 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Eóin Mac Domhnaill ó Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaig linn chun caint faoin seimineár spéisiúil a bheidh ag Buanionadaíocht na hÉireann chuig an Aontas Eorpach do dhaoine le Gaeilge ar spéis leo an dlítheangeolaíocht ar an 25 Samhain....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.