Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
August 23, 2022Clár 348 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhair Molly Nic Céile linn ó Nua Eabhrac faoi Phop Up Gaeltacht a d'eagraigh sí ansin, in Astoria níos luaithe an mhí seo agus faoina cuid físeán Gaeilge 'Gaeilge i mo Chroí' d'fhoghlaimeoirí timpeall na cruinne. Chomh maith leis sin, chulamar ó Lonán Ó Lorgnáin i Melbourne na hAstráile faoi obair atá ar siúl chun iarracht a dhéanamh Gaelscoil a bhunú sa chathair!...more29minPlay
August 09, 2022Clár 347 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo, chualamar ó Rónan Ó Dochartaigh ó Oideas Gael faoin Scoil Samhraidh Teanga agus Cultúir a bhí ar siúl acu ag Oideas Gael an tseachtain seo caite le scríbhneoirí, ceoltóirí, aisteoirí agus eile, agus faoi na cúrsaí samhraidh Gaeilge a bhíonn acu do Ghaeil ó gach cearn den domhan gach samhradh....more27minPlay
July 26, 2022Clár 346 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí an ceoltóir Enda Reilly ag labhairt linn faoi bhogadh ó Thamhlacht Bhaile Átha Cliath go Detroit Michigan, a chuid ceoil a roinnt ag féilte agus ceolchoirmeacha timpeall ar na Stáit Aontaithe agus an fhéile ollmhór, Féile na nGael i Milwaukee, áit a mbeidh sé ag canadh trí Ghaeilge ag an bPuball Gaeltachta i mí Lúnasa!...more28minPlay
July 12, 2022Clár 345 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo, chualamar ó Ray Mac Manais faoi stair agus pleananna 2022 d'Fhéile na nGael Milwaukee. Chomh maith leis sin d'éisteamar le ceol ó albam úr 'Speactram' de chuid Marcas Mac an Tuairnéir....more26minPlay
July 05, 2022Clár 344 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo, chualamar ó Chaitríona Weafer faoin gcinneadh a rinne Cúirt Uachtarach na Stát Aontaithe Roe v Wade a chur ar ceal. Chomh maith leis sin bhí Marcas Mac an Tuairneir ag labhairt linn (as Gaeilge agus Gàidhlig) ó Albain faoina albam úr, Speactram....more32minPlay
June 14, 2022Clár 343 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Matt O'Heir ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i Chicago agus a shaol féin. Chomh maith leis sin bhí scoláire ICUF agus iarscoláire Fulbright, Pa Sheehan ag caint linn faoi dheireadh seachtaine teanga agus cultúir a bhí ar siúl ag muintir Kingston, Ontario le gairid....more28minPlay
May 31, 2022Clár 342 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Tuairisceoir Polaitíochta Raidió na Gaeltachta, Eoin Ó Catháin ag labhairt linn faoin lámhach gunna a rinne ar bhunscoil i dTeicseas ag deireadh mhí Bealtaine, inar maraíodh 19 bpáistí agus beirt mhúinteoirí. Chomh maith leis sin bhí Darach Ó Tuairisg, léiritheoir leis an gComhlacht Léiriúcháin Teilifíse agus Drámaíochta Fíbín ag labhairt linn faoi na tionscnaimh éagsúla atá idir lámha acu - ceann amháin, clár teilifíse le daoine óga cruthaitheacha timpeall na cruinne faoi chaitheamh aimsire na n-óg!...more31minPlay
May 17, 2022Clár 341 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Donal Grogan (Colorado Paddy ar líne!) ag caint faoin bhronnadh gradam Laoch na Gaeilge 2022 air ag Deireadh Seachtaine Gaeltachta LA le gairid! Chomh maith leis sin bhí Tomaí Ó Conghaíle ag caint linn faoi Éigse na Bruiséile a bhí ar siúl lár mhí Bealtaine 2022 den chéad uair....more28minPlay
May 10, 2022Clár 340 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Caitríona Weafer ag labhairt linn faoi aisghairm Roe v Wade sna Stáit Aontaithe agus faoi Dheireadh Seachtaine Gaeltachta LA a bhí ar siúl le gairid. Chomh maith leis sin bhí Tadhg Mac Cionnaith ag caint linn faoin deireadh seachtaine speisialta ar fhreastail sé air, eagraithe ag Oideas Gael in omós do Tony Birtill....more31minPlay
May 03, 2022Clár 339 - 2022 - Raidió na LifeAr an gclár seo bhí Alannah Ní Ghallchóir ó Chonradh na Gaeilge i Londain ag labhairt linn faoin deireadh seachtaine Gaeltachta a bhí ag an gcraobh ag an deireadh seachtaine agus eile. Chomh maith leis sin bhí James Ó Conaill ag caint linn faoina scoláireacht Fulbrigth ag Ollscoil Villanova agus faoi dheiseanna do mhuintir Stáit Aontaithe scoláireachtaí a fháil chun cúrsa Gaeilge a dhéanamh sa Ghaeltacht....more28minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.