Sign up to save your podcastsEmail addressPasswordRegisterOrContinue with GoogleAlready have an account? Log in here.
Is clár úr nua é 'Fada is Fairsing' a tosaíodh ar Raidió na Life le déanaí in aimsir Tóstáil 2013, Bliain na Gaeilge 2013 agus ag am ina bhfuil pobal na Gaeilge ag éirí níos mó agus níos mó achan lá a... more
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.
December 17, 2013Clár 23 - 2013 - Raidió na LifeSa chlár seo labhair Muireann de Barra linn a chaith go leor ama sa Bholaiv ag déanamh scannánaíochta agus í ag caint linn faoi na bundúchasaigh ann tar éis don McDonalds deireanach dúnadh sa tír. Chomh maith leis sin labhair Maura Mulligan linn ó Nua Eabhrac faoin méid atá déanta aici leis an gcultúr Gaelach thall leis na blianta anuas ó bhog sí ó Mhaigh Eo go Meiriceá. Léann sí dán de chuid Eoghain Uí Thuairisg dúinn agus í ar tí léamh poiblí den dán a dhéanamh san oíche tar éis an chláir seo....more26minPlay
December 10, 2013Clár 22 - 2013 - Raidió na LifeClár speisialta é seo ina labhraím le Deirdre Donnelly, saoririseoir a thaistil go dtí an Aetóip le cuidiú ón Simon Cumbers Media Fund, ag déanamh cláir fháisnéise do Newstalk agus go leor leor eile. Labhraíonn sí linn faoin turas a bhí aici, faoin méid a d'fhoghlaim sí uaidh agus faoi na heagraíochtaí deonacha do dhaoine faoi mhíchumas ar bhuail sí leo nuair a bhí sí ann....more27minPlay
December 03, 2013Clár 21 - 2013 - Raidió na LifeCloisimid níos mó ón agallamh a rinne mé le Seán Mag Uidhir ó Dallas, Teicseas sa chlár seo, agus é ag insint dúinn faoi chúrsaí Gaeilge i Dallas sa chuid seo de. Chomh maith leis sin cloisimid ó Shíobhra Aiken agus í ag caitheamh a chéad Lá Altaithe(Thanksgiving) thall i Meiriceá agus ar tí dul ag taisteal timpeall ar Mheiriceá Theas don Nollaig. Ar deireadh labhraíonn Evin Downey linn ó Ghlaschú faoin timpiste héileacaptair a tharla sa chathair inar maraíodh deichniúr nuair a bhuail héileacaptar teach tábhairne cúpla lá roimh an gclár seo....more27minPlay
November 26, 2013Clár 20 - 2013 - Raidió na LifeBhí agallamh spreagúil againn ar an gclár seo le Maura Lennon ón gcatharnas Goal cúpla lá tar éis di taisteal le heitleán Aer Lingus chun cúnamh a thabhairt do mhuintir na n-Oileán Filipíneach tar éis an tíofúin sa tír tamall beag roimhe sin. Labhair Kate Smyth linn ó Londain faoi scéal na mban a coimeádadh mar sclábhaithe tí i Lambert, Londain ar feadh blianta. Ar deireadh chualamar ó Sheán Mag Uidhir agus é ag caint linn ó Dallas, Teicseas faoi chomóradh 50 bliain ar bhás an uachtaráin John F. Kennedy sa chathair an tseachtain sin....more21minPlay
November 19, 2013Clár 19 - 2013 - Raidió na LifeSa chlár seo chualathas ó Sheanán Ó Coistín atá ag obair leis an gCoimisiún Eorpach i Lucsamburg agus é ag labhairt linn faoin mbailiú airgid a bhí ar siúl ag grúpa cairde is comhghleacaithe aige ar son na ndaoine sna hOileáin Fhilipíneacha tar éis don tíofún an tír a bhualadh. Labhair Eoin Ó Catháin linn ó Ottawa, Ceanada faoin gclár raidió Gaeilge a bhí á chur i láthair aige ansin dár teideal The Gaelic Hour sa gheimhreadh....more27minPlay
November 12, 2013Clár 18 - 2013 - Raidió na LifeSan ochtú gclár déag labhair mé le hOrla Ní Mhaoláin ó Dhoire a thaistil go stát Nua Eabhrac ar thuras le hÓgras, chun an Ghaeilge is spóirt Ghaelacha a mhúineadh do pháistí óga ansin. Chualamar ó John Feeney ón taobh sin tíre freisin, ag labhairt linn faoi chúrsaí Gaeilge i gConnecticut agus an Irish Gaelic Circle of CT a n-oibríonn seisean leis. Ar deireadh labhair Joe Costelloe linn ó Bhairéin agus é i mbun múinteoireachta ansin faoi láthair....more24minPlay
October 29, 2013Clár 17 - 2013 - Raidió na LifeAr an gclár seo labhraíonn Cian Mac Cárthaigh linn sa stiúideó faoin bhféile mhór cheoil Womax ar fhreastail sé uirthi sa Bhreatain Bheag agus labhraím le hAralt Mac Giolla Chainnigh agus é ar thuras le grúpa mór Meiriceánach is Ceanadach timpeall ar na ceantair Ghaeltachta uilig in Éirinn. Cloisimid ó dhaoine eile ar an turas agus roinnt acu ag ceol agus iad i láthair ag cúrsa Gaeilge de chuid Oidis Gael i nGleann Cholm Cille, Dún na nGall....more21minPlay
October 22, 2013Clár 16 - 2013 - Raidió na LifeAg breathnú siar arís ar an gclár cloisimid ó Deibhin Ó Flangáin a oibríonn go dian ar son na Gaeilge i Meániarthar na Stát Aontaithe. Chuir sé tús leis an Lá Gaeilge a bhíonn ar siúl i mBloomington, Indiana beagnach sé bliana ó shin chomh maith le tús a chur le roinnt leathanach Facebook Gaeilge, Gaelskype san áireamh. Labhraíonn sé linn faoi chúrsaí Gaeilge sa Mhéaniarthar agus faoin méid atá déanta aige ann. Ansin cloisfimid roinnt amhrán ar an sean-nós- 'Thugamar féin an Samhradh Linn' agus 'Na Báid'- ó Natalia Danzmann, bean Bhraisíleach, chomh maith le hamhrán traidisiúnta de chuid na Braisíle darb ainm 'Omós Deiscirt na Braisíle'. Ar deireadh ar an gclár seo cloistaer Ciarán Ó Braonáin atá ag múineadh na Gaeilge in Ollscoil Villenova ar imeall chathair Philadelphia agus é ag labhairt linn faoi Ghaeil Philadelphia agus faoin dráma a chonaic sé le déanaí in Amharclann an Acorn i gcathair Nua Eabhrac faoi shaol Brendan Behan 'Brendan at the Chlesea'....more25minPlay
October 15, 2013Clár 15 - 2013 - Raidió na LifeClár dearfach faoi fhostaíocht do Ghaeilgeoirí timpeall na cruinne, ag teacht amach i rith seachtaine fógartha an bhuiséid! Labhraíonn Colm Ó Duifin atá mar theagascóir Gaeilge de chuid na heagraíochta ICUF agus é ag múineadh na teangan in ollscoil i dTorontó ansin ar feadh bliana. Ina dhiaidh cloisimid ó Ross Ó Briain atá ag obair le Comhairle an Aontais Eorpaigh sa Bhruiséil faoi láthair agus silleann sé go leor solais dúinn ar an sórt oibre a bhíonn ar siúl ag Gaeilgeoirí ansin sna hInstitiúidí Eorpacha agus faoin gcathair í féin....more26minPlay
October 08, 2013Clár 14 - 2013 - Raidió na LifeClár é seo ag fanacht níos gaire don bhaile agus ag breathnú ar roinnt áiteanna timpeall na hEorpa. Ar dtús cloistear Rónán Ó Condúin atá i mbun dochtúireachta ar dhlí na hEorpa in Institiúd na hOllscoile Eorpaigh i bhFlórans na hIodáile agus é ag labhairt linn faoin méid atá ar siúl aige sa chathair ansin. Ina dhiaidh seo labhraím le Maria Ní Chatháin, láthreoir de chuid Raidió na Life agus í i mbun na siúlóide móire 'El Camino de Santiago' le grúpa Gael. Labhair siad Gaeilge i rith an turais agus bhí Maria mar threoraí Gaeilge acu ar an turas dátheangach a bhí acu. Ar deireadh ar an gclár seo cloistear Cuán Ó Seireadáin, ceoltóir claisiceach atá ina chónaí i Stuttgart na Gearmáine faoi láthair agus insíonn sé dúinn faoi shaol an cheoltóra claisicigh agus faoi chúrsaí ceoil ansin i Stuttgart....more27minPlay
FAQs about Fada is Fairsing:How many episodes does Fada is Fairsing have?The podcast currently has 443 episodes available.