Seo é an eagrán is déanaí de iGaeilge ina dtugaim m'fhreagra ar an chorr is déanaí i gcás theaghlaigh Dhomhnach na Fola ar son na cora agus an chasadh is déanaí ar bhóthar chasta na Breataine i dtreo na Breatimeachta.
Domhnach na Fola Eanair 1972
Mar a shníonn an Fheabhail go leathan, go ngéilleann sí don ghlas-mhuir,
Thárla slad-mharú an Eanáir san bhliain a seachtó dó
Nuair a ghluais an slua gan airm ar mhór-shiúl d’éileamh cearta
Is i nDoire teann na bhfallaí d’ardaíodh an gleo.
I mbarr Shráid Liaim do scaipeadh iad ag uisce ‘s gás an airm
Is go taobh an Bhogaigh treasna do chúlaíodar gan treoir,
Ach na ndiaidh fé luas na Paras is ar Chearnóig chéasta Rossville
Triúr déag fé lamhach gan taise fagadh marbh ar an bhfód.
Ba dhubhach Dé Luain an baile is a muintir suaite creachta,
Ag roinnt na gcorp mbocht stracaithe is a a n-ardú ‘bhaile leo;
Is an Céadaoin duairc a lean é, ba thomhaiste trom an fhearthainn,
Is na sléibhte i gclúid fé mhairg i ndluth bhrátaibh ceoidh.
San reilig thuaidh cois caladh bhí brón ar Ghaeil is fearg
‘S do cháíneadar na barbair a scaoil na urchair leo,
Ach ní thógann caint ná paidir ón mbás arís na mairbh
Mar le spórt an tsaoil táid scártha is ní fhillfidh chughainn go deo.
Go dtóga Críost gach anam díobh ‘na líonta lána casta,
Go gleanntaibh árd na bhFlaitheas go brách i measc na naomh;
Is más toil Dé go leanam iar ar bhóthar cruaidh na staire,
Nach fearr an bás tá fearúil ná náir’ ós comhair an tsaoil;
An bhfuil leigheas ach bás nó gaisce is cuirp ‘na línte leagtha;
An bhfuil aon cheart do lagaibh gan lámhach gunnaí is piléar?
Nó an mbeidh sa chré ‘na bhfairis, ó Gaeil is Gaill ‘na sreathaibh
Sula scaoilfear snaidhm na staire is go mairimíd fé shéan.