Fiona Uí Dhioráin, Príomhoide Scoil Rónáin Árainn. Beidh ócáid ar bun i Scoil Rónáin inniu mar chuid den togra Little Voices, Big Ideas atá á riaradh ag Cumann na hÉireann um Chosaint Leanaí.
Nóirín Breathnach, Feidhmeannach Forbartha Fiontraíochta Údarás na Gaeltachta. Tá deontas de €2.1 milliún bronnta ar an gcomhlacht Fortis Medical Devices sa Spidéal le fearas leighis a chabhróidh le daoine atá ag théis stróc a bheith acu a fhorbairt.
Méadhbh Ní Ghaora ó Choiste Mhuintir na hÁite Carna, Noel Ó Guairim Cathaoirleach CLG Carna Caiseal agus Dara Ó Maoilchiaráin ó Bhord Stiúrtha Bhád Tarrthála Charna agus na nOileán ag labhairt ag an gcruinniú a bhí i gCarna ag an deireadh seachtaine.
Sean Ó Cathasaigh CLG Carna Caiseal, Áine & Ruth Ní Éanacháin CLG Tuar Mhic Éadaigh, & Aonghus Ó Fátharta CLG CLann na nGael ag labhairt faoi na cluichí ceannais a bhua a gcuid cumainn ag an deireadh seachtaine.
Méadhbh Seoige, bainisteoir turasóireachta Údarás na Gaeltachta & Fergus Mac Suibhne Treoraí Teach Solais an Fhóid Dhuibh ag labhairt faoi lámhleabhar nua atá seolta ag Coimisinéirí Soilse na hÉireann agus Údarás na Gaeltachta.