Aideen McQueen, atá ag glacadh páirte i bhFéile Ghrinn na Gaillimhe. Cuirfear tús tráthnóna inniu le Féile Ghrinn na Gaillimhe sa gcathair agus leanfaidh sé ar aghaidh go dtí Dé Luain 27 Deireadh Fómhair.
Máire Bríd Ní Chonghaile, Páirtnéireacht Uathachais na Gaillimhe. Tá tacaíocht á lorg ag Páirtnéireacht Uathachais na Gaillimhe agus campaí á eagrú acu sa gClochán an tseachtain seo chugainn.
Máirín Ní Chonghaile, ón gCoiste Eagraithe do shiúlóid bhliantúil i gcuimhne ar Threasa Nic Dhonncha a bhéas ar bun Dé Sathairn, ar mhaithe le Ciste Compórd d’Othair agus CS Mac Dara.
Bríd Ní Dhonncha, Príomhoide Choláiste Ghobnait in Inis Oírr Tá Cumann Náisiúnta Príomhoidí agus Príomhoidí Tánaisteacha ag éileamh ar an Roinn Oideachais agus Óige a chinntiú go gcuirfear na hacmhainní cuí ar fáil do scoileanna beaga agus DEIS.