Máirtín Ó Cualáin, duine de chriú Bhád Tarrthála na Gaillimhe. Tá Bád Tarrthála na Gaillimhe ag iarraidh ar aon duine a d’oibrigh leo thar na blianta teagmháil a dhéanamh leo anois agus comóradh speisialta á eagrú acu don bhliain seo chugainn.
Roseanne Kelly, Coiste Eagraithe Coldvember. Tá an feachtas Coldvember á reáchtáil an mhí seo chugainn ar mhaithe leis an Ionad Éigeandála um Éigniú i nGaillimh.
Cuid de imreoirí & lucht tacaíochta CLG Mhaigh Cuilinn & Carna Caiseal théis dóibh craobh an chontae a bhuacaint Dé Sathairn sa ngrád sóisir agus sinsir.
Aodhán Ó Maoileoin, Cathaoirleach Choiste Chumann Sacair Chois Fharraige. Beidh a gcruinniú cinn bhliana ag Cumann Sacair Chois Fharraige an tseachtain seo chugainn agus iad sa tóir ar dhaoine a bheadh sásta a dhul ar choiste an chumainn.
Clíodhna Breathnach, Teirpeoir Saothair ag labhairt faoi dheontais atá ar fáil le obair a dhéanamh ar thithe do dhaoine a mbeadh riactanais speisialta acu.