Darragh Ó Tuairisg as Bearna & Uachtarán Chumann Lucht Chapaillíní Chonamara ag labhairt faoi ionad oidhreachta chapaillíní Chonamara atá le hoscailt inniu i Leitir Fraic agus freisin faoin damáiste a déanadh de pháirc spraoi Bhearna.
Painéal cainteoirí Aodán Ó Sé óstóir, Dr Micheál Ó Cathasaigh, Dara Ó Maoilchiaráin Príomhoide, Deirdre Ní Thuathail oibrí deonach le club óige, & Eimear Ní Ghallachóir duine óg ag labhairt faoi chúrsaí alcól i measc daoine óga.
Bridie Uí Chonámha, Teagascóir cúrsaí oíche. Tá cúrsa stair áitiúl á chur ar fáil ag Bord Oideachais agus Oiliúna na Gaillimhe agus Ros Comáin i gcomhar le hIonad Diaspóra na Gaeltachta agus Údarás na Gaeltachta.