Ní ghlacfar ach le cóip crua de phas nó le ceadúnas tiomána le cead isteach dTigh Sé feasta i bhfianaise go bhfuil méadú tagtha ar an méid cártaí aitheantais bréige atá ag dul thart.
Beidh ócáid eolais ag Cumann Iomán Bhearna na bhForbacha trathnóna amárach faoin bhforbairt atá beartaithe acu agus faoin airgead atá siad ag iarradh a bhailiú le páirc agus áiseanna a thógáil.
Is féidir clárú anois don tsiúlóid ó Dhólás go Sólás. Beidh an tsiúlóid in aghaidh an tsolais ar mhaithe le Pieta House ar an gCeathrú Rua arís ar an 6ú lá de Bhealtaine ag 4.15 ar maidin