Tá tionscnamh nua taighde ar bun in Ollscoil na Gaillimhe, tionscnamh atá ag tarraingt as Cartlann Chonradh na Gaeilge atá ar coimeád san ollscoil ansin. 'Cartlann' is ainm don tionscnamh nua seo agus is ag díriú ar an ngaol idir Conradh na Gaeilge, na Meáin, agus gníomhachas teanga a bheidh sé.