Réachtáladh cursa cócaireachta d’fhir amháin i Rosmuc le gairid agus thug Micheál Ó Tuathail cuairt ar na rannpháirithe agus iad i mbun cócaireachta le fáil amach cén chaoi a raibh ag éirí leo.
Ócáid shollúnta mhachnamhach i gCill Éinde sa Spidéal Dé Domhnaigh nuair a bheidh cór an Spidéil ag casadh na hamhráin dhúchasacha a bhaineann le tréimhse na Cásca.
Reachtáilfear Comórtas Peile na Gaeltachta i gCarna i 2028. Labhair Sean Ó Cathasaigh Pauline Uí Mhorchú, Máirtín Ó Cualáin, Colm Ó Neasa agus Vivienne Ní Niadh le Micheál Ó Tuatháil.
Tháinig Colm ar dheilf óg a bhí tagtha i dtír ar Thrá na bhForbacha, bhí an deilf básaithe agus thosaigh a mhada beag Fergus dá chlúdach le gaineanmh, d-inis sé an scéal ar fad do Mháire Bríd.
Bhí Ros na Rún ag ceiliúradh cloch mhíle de dhá mhíle eagrán le gairid. Bhí Máire Bríd Ní Chualáin i láthair ag an ócáid áit ar labhair sí leis na h-aisteoirí Colm Mac Giolla Easbuic, Máire Pheteir Ní Dhroighneáin, Ciara Cox agus Josie Ó Cualáin