Beidh a gcruinniú cinn bhliana ag Cumann Húicéirí na Gaillimhe ar an ceathrú lá fichead den mhí seo agus tá daoine nua ag teastáil le dhul ar choiste an Chumainn mar go bhfuil cuid de na daoine atá tar éis a bheith ar an gcoiste le tamall ag dul ag seasamh siar.
Tá triúr fear as Conamara tar éis barr Aconcagua, ceann de na sléibhte is airde sa domhan a bhaint amach. Bhain Máirtín Óg agus a mhac Seán as an gCeathrú Rua chomh maith le Miko Keane as Corr na Móna barr an tsléibhe amach Dé hAoine.
Beidh Jennifer Connolly bean óg as Leitir Mealláin san iomaíocht ar an Late Late Show lena h-amhrán Late Night Summer Night ag súil agus a dhul ar aghaidh agus ionadaíocht a dhéanamh ar an tír seo sa gcomórtas Eoraifíse.